Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 luċt bíodáin, luċt cúl‐ċainnte, luċt gránna le Dia, tarcuisneaċ, uaiḃreaċ, blaḋmannaċ, luċt ceapṫa olcais, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Luċd iṫiomráiḋ, luċd fúaṫaiġe Dé, luċd tarcuisne, dáoine uáiḃreaċa, mórḋáláċa, luċd comṫa uile, easúṁal daiṫreaċaiḃ agus do ṁaiṫreaċaiḃ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:30
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir aduḃairt Dia, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair: agus an té ṁasluiġeas a aṫair nó a ṁáṫair, curtar ċum báis é.


Ó’n am sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar a ṁíniú d’á ḋeisceablaiḃ gur ab éigean dó dul go h‐Iarúsalem, agus mórán d’ḟulang ó na seanóiriḃ, agus ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ, agus ó na scríoḃaiḋṫiḃ, agus go gcuirfiḋe é ċum báis, agus go n‐aiséireoċaḋ sé an tríoṁaḋ lá.


Aċt braiṫfiḋ ḃúr n‐aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa féin, agus ḃúr ndearḃráiṫreaċa, agus ḃúr ngaolta, agus ḃúr gcáirde siḃ; agus cuirfiḋ siad cuid agaiḃ ċum báis.


Ní ḟéadann an saoġal fuaṫ do ṫaḃairt daoiḃ‐se; aċt atá fuaṫ aige ḋaṁ‐sa, de ḃriġ go dtugaim fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ go ḃfuil a ġníoṁarṫa go h‐olc.


Óir tamall roiṁe seo d’éiriġ Teúdás, g‐á ċur i gcéill gur duine mór é féin; agus do ċlaoiḋ scata daoine, timċeall ceiṫre céad díoḃ leis: do marḃaḋ é; agus do scaipeaḋ iad‐san do lean é, agus ní ṫáinig éinniḋ d’á ḃárr.


Aċt má tá ainm lúdaiġ ort, agus má’s ar an dliġe atá do ṡeasaṁ, agus má ṁaoiḋeann tú as Dia,


tusa ṁaoiḋeas as an dliġe, an dtugann tú easonóir do Ḋia tré ḃriseaḋ an dliġe?


Cia an t‐aḋḃar maoiḋṁeaċais atá ann, mar sin? Ní ḟuil sé ceaduiġṫe. Ag cia an dliġe? Ag dliġe na h‐oibreaċ, an eaḋ? Ní h‐eaḋ, aċt ag dliġe an ċreidiṁ.


ní ag maoiḋeaṁ as miosúr dúinn as a ndearna daoine eile; aċt atá súil againn, do réir mar ṁéaduiġeas ḃur gcreideaṁ,


Óir is eagal liom, nuair ṫiocfad, naċ ḃfaiġead siḃ ḃeiṫ mar ba ṁian liom, agus go ḃfaiġeaḋ siḃ mise gan ḃeiṫ mar nár ṁian liḃ; ar eagla, b’ḟéidir, go mbéaḋ aċrann, formad, fearg, deaġailt, cúl‐ċainnt, bíodán, éirġe‐i‐n‐áirde, círéiḃ;


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


Óir béiḋ na daoine leiṫleasaċ, sanntaċ, maoiḋteaċ mórtasaċ, masluiġṫeaċ, easuṁal d’aiṫreaċaiḃ agus do ṁáiṫreaċaiḃ, díombuiḋeaċ, mí‐naoṁṫa, gan gráḋ nádúrṫa,


Óir do ḃíomar féin diṫ‐céilliḋe tráṫ, easuṁal, ag dul ar fan, fá smaċt ag ainṁiantaiḃ agus ag áineasaiḃ éagsaṁla, ag caiṫeaṁ ár saoġail le droċ‐rún agus le formad, fuaṫṁar agus sinn ag taḃairt fuaṫa d’á ċéile.


Is aṁlaiḋ do’n teangain, ball an‐ḃeag is eaḋ í, agus bíonn eaċtraí móra d’á maoiḋeaṁ aici. Féaċ an méid connaiḋ faduiġtear le teiniḋ ḃig.


Aċt anois do‐ġní siḃ mórḋáil ’n‐ḃur smaointiḃ uaiḃreaċa: droċ‐niḋ is eaḋ maoiḋṁeaċas d’á leiṫéid sin.


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ