Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Óir ó cruṫuiġeaḋ an doṁan atá a ṫréiṫe do‐ḟeicsiona, is iad sin a ċuṁaċt síorraiḋe agus a ḋiaḋaċt, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Oir a neiṫesion naċ éidir dfaicsin, mar atá a ċúṁaċd síorraiḋe agus a ḋiaḋaċd, atáid síad soilléir sóṫuigsigṫe ó ċrúṫuġaḋ an doṁain treas na neiṫe do rinneaḋ; ionnus naċ beiṫ leiṫsgéul aca:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:20
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.


Aċt ó cruṫuiġeaḋ gaċ niḋ ar dtús, fireann agus baineann do sinne sé iad.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


Muna mbéaḋ go dtáinig mé agus gur laḃair mé leo, ní ḃéaḋ peacaḋ orṫa: aċt anois atáid gan leiṫscéal i dtaoḃ a bpeacaiḋ.


D’á ḃriġ sin, ó’s de ṡlioċt Dé sinn, ní cóir ḋúinn a ṁeas gur cosṁail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloiċ, do greanaḋ le h‐ealaḋain nó le h‐inntleaċt daonna.


A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ leis an gcosnaṁ atá agam d’á ḋéanaṁ ḋaoiḃ anois.


óir is léir dóiḃ gaċ eolas ar Ḋia atá le fáġáil; mar rinne Dia soiléir dóiḃ é.


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


D’á ḃriġ sin atáir gan leiṫscéal, a ḋuine, cibé cia ṫú, do‐ḃeir breiṫ: óir ag breiṫ breiṫe ar ḋuine eile ḋuit, daorann tú ṫú féin; mar tusa do‐ḃeir breiṫ, cleaċtann tú na neiṫe céadna sin.


de ċionn go noċtann siad briġ an dliġe ḃeiṫ scríoḃṫa ar a gcroiḋeaċaiḃ, a gcoinsias mar ḟiaḋnaiḋe ḋóiḃ, agus a smaointe g‐á gcionntú,


Cá ḃfuil an t‐eagnaiḋe? cá ḃfuil an scríoḃaiḋe? cá ḃfuil fear iomarḃáġa an tsaoġail seo? Naċ ḃfuil díṫ‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoġail seo?


Is é íoṁáiġ an Dé ḋo‐ḟeicsiona é, céid‐ġein gaċ ar cruṫuiġeaḋ;


óir is ann go corporḋa atá iomláine na Diaḋaċta ar fad,


Anois do’n Riġ síorraiḋe, do‐ṁarḃṫa, do‐ḟeicsiona, do’n Aon‐Dia, go raiḃ onóir agus glóir go saoġal na saoġal. Amen.


an té aṁáin ag a ḃfuil an do‐ṁarḃṫaċt, ċóṁnuiġeas i solas do‐ṡroiċte; an té naċ ḃfaca súil duine ariaṁ, agus naċ ḃféadann aon duine a ḟeicsin: dó‐san go raiḃ an onóir agus an ċuṁaċt síorraiḋe. Amen.


Tré ċreideaṁ d’ḟág sé an Éigipt ’n‐a ḋiaiḋ, gan eagla air roiṁ ḋíḃeirg an ríoġ: óir do ṡeasuiġ sé go tréan, mar ḃéaḋ a ṡúil ar an té naċ ḃfeicṫear.


naċ mó go mór ḋéanfas fuil Ċríost, an té d’íoḋbair é féin gan smál do Ḋia, tríd an Spiorad síorraiḋe, ḃur gcoinsias do ġlanaḋ ó ġníoṁarṫaiḃ marḃa ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia síorraiḋe?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ