Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Roṁánaċ 1:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus, a ḃráiṫre, níor ṁian liom gan a ḟios ḃeiṫ agaiḃ gur minic do ċuireas róṁam teaċt ċugaiḃ (aċt do cuireaḋ cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéaḋ toraḋ éigin agam de ḃárr mo ṡaoṫair ’n‐ḃur measc, fá mar ḃí agam i measc na gCineaḋaċ eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus, a ḋearḃraiṫreaċa, ní hail leam gan a ḟios do ḃeiṫ agaiḃ, gur ċuir me roṁam go minic teaċd ċugaiḃ, (giḋeaḋ do cuireaḋ toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go ḃfuiġinn toraḋ éigin ḃur measgsa, coṁmaiṫ ris na Cineaḋaċaiḃ eile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Roṁánaċ 1:13
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna dtuitiḋ gráinne cruiṫneaċtan sa talaṁ agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: aċt má éagann sé, do‐ḃeir sé toraḋ mór uaiḋ.


Ní siḃ‐se do ṫoġ mise, aċt is mise do ṫoġ siḃ‐se, agus do ċeapas siḃ ċum go n‐imṫeoċaḋ siḃ agus go dtiuḃraḋ siḃ toraḋ, agus go mbéaḋ ḃúr dtoraḋ buan: ionnas, cibé niḋ iarrfas siḃ ar an Aṫair im’ ainm‐se, go dtiuḃraḋ sé ḋaoiḃ é.


An té ḃaineas do‐ġeiḃ sé tuarastal, agus cnuasann sé toraḋ le h‐aġaiḋ na beaṫaḋ síorraiḋe; ċum go mbéiḋ áṫas ar an síoladóir agus ar an mbuanaiḋe i n‐éinḟeaċt.


Agus ins na laeṫiḃ sin d’éiriġ Peadar i lár na mbráiṫreaċ, (do ḃí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiċe),


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


Agus d’ḟan an ċuideaċta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaoḃ na míorḃal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríoṫa féin i measc na gCineaḋaċ.


Agus nuair do ḃí deireaḋ leis na neiṫiḋ sin, do ċeap Pól ’n‐a inntinn gaḃáil tríd an Ṁaiceadóin agus tré Aċáia, agus annsin dul go h‐Iarúsalem, g‐á ráḋ, Tar a éis dom ḃeiṫ annsin, ní mór dom an Róiṁ d’ḟeicsint, ċóṁ maiṫ.


Agus nuair do ḃí beannuiġṫe aige ḋóiḃ, d’innis sé ḋóiḃ i ndiaiḋ a ċéile gaċ a ndearna Dia i measc na gCineaḋaċ de ḃárr a ṡeirḃíse.


Fuaramar bráiṫreaċa annsin, agus d’iarradar orainn fanaṁain aca seaċtṁain: agus annsin ṫángamar go dtí an Róiṁ.


is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, a ḃráiṫre, (ag laḃairt leo‐san go ḃfuil eolas an dliġe aca atáim), go mbíonn duine fá ċuṁaċt dliġe a ḟad agus ḃíos sé beo?


Anois, a ḃráiṫre, aṫċuiniġim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, ḃeiṫ ar aon ḟocal eadraiḃ uile, gan deaġailt ḃeiṫ eadraiḃ; aċt siḃ ḃeiṫ i gcóṁaontaċas le ċéile, ar aon intinn agus ar aon ċéill.


A ḃráiṫre, níorḃ áil liom naċ mbéaḋ a ḟios agaiḃ go raiḃ ár sinnsir go léir fá’n scamall, agus gur imṫiġeadar uile tríd an muir,


Anois is dtaoḃ tíoḋlaicṫe spioradálta, a ḃráiṫre, níorḃ áil liom siḃ ḃeiṫ gan eolas.


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Muna ḃfuilim im’ abstal do ḋaoiniḃ eile, ar ċuma ar biṫ atáim im’ abstal daoiḃ‐se; óir is siḃ‐se séala m’abstalaċta san Tiġearna.


Níorḃ áil linn, a ḃráiṫre, siḃ ḃeiṫ gan eolas i dtaoḃ an anró ṫárla ḋúinn san Áise, go raiḃ trom‐ualaċ mór orainn do ṡáruiġ orainn ar fad, i rioċt gur ḃaineamar dúil de’n ḃeaṫaiḋ féin:


Aċt buiḋeaċas le Dia, ṫreoruiġeas go buaḋaċ i gCríost sinn i gcóṁnaiḋe, agus scaipeas san uile áit tré n‐ár láṁaiḃ an ċuṁraċt ṫig ó eolas air.


A ḃráiṫre, is ar ṁoḋ daoine atáim ag laḃairt: Giḋ naċ ḃfuil ann aċt tiomna daonna, nuair dearḃuiġtear é, ní ḟéadann aoinneaċ a ċur ar gcúl, nó cur leis.


Grása ár dTiġearna Íosa Críost go raiḃ ar ḃur spiorad, a ḃráiṫre. Amen.


Aċt ḃeiṫ ar marṫain san gcolainn — má’s luaċ saoṫair dom é, cia an roġa ḋéanfad, ní féidir liom a ráḋ.


Ní h‐é go ḃfuilim ag éileaṁ aon ḃronntanais; aċt gur ab aṁlaiḋ atáim ar lorg an torṫa raċas cum creideaṁna ḋaoiḃ.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


D’á ḃriġ sin ba ṁian linn, liom‐sa Pól, go h‐áiriṫe, agus níorḃ aon uair aṁáin é, teaċt ċugaiḃ; aċt gur ċuir Sátan cosc linn.


Aċt, a ḃráiṫre, níor ṁaiṫ linn siḃ ḃeiṫ i n‐ainḃfios i dtaoḃ na ndaoine atá ’n‐a gcodlaḋ, ċum naċ mbéiḋ cuṁa oraiḃ, mar ḃíos ar na daoiniḃ eile atá gan dóċas.


Óir atá rúindiaṁair na míriaġaltaċta ag oibriú ċeana féin: aċt caiṫfear an té atá ag cur coisc leis do ṫógáil as an sliġe.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ