Agus do ḃí an ċaṫair tré ċéile le clampar: agus do riṫeadar i n‐éinḟeaċt isteaċ san téatar, agus greim aca ar Ġáius agus ar Aristárċus, beirt ó’n Ṁaiceadóin, comrádaiḋṫe siuḃail do Ṗól.
Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do ḃí d’á seolaḋ le taoḃ cósta na h‐Áise, d’imṫiġeamar ar an ḃfairrge, agus Aristárċus, Maiceadónaċ ó Ṫessalónica, i n‐éinḟeaċt linn.
I dtaoḃ Ṫítuis, is é mo ċóṁṗáirtiḋe agus mo ċóṁoibriġṫeoir ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráiṫriḃ, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Ċríost.
Aċt do ċeapas gur riaċtanaċ Epafróditus, bráṫair, agus ċóṁ‐oibriḋe, agus cóṁṡaiġdiúir liom, agus ḃur dteaċtaire‐se, agus an fear d’ḟóir orm i n‐am mo ġátair, do ċur ċugaiḃ:
Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.