Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 7:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 gan tairḃe (óir níor ċuir an dliġe éinniḋ i gcríċ), agus atá dóċas is fearr ’ná í, tré n‐a ndruidimíd i ngiorraċt do Ḋia, d’á ṫaḃairt isteaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Oír ní ḋearna an reaċd ní ar biṫ iomlán, aċd teaċd a steaċ a muiniġne as féarr; tré na dtigmíd a ḃfogus do Ḋía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 7:19
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir tugaḋ an reaċt tré Ṁaois, aċt ṫáinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


tré n‐a ḃfuaramar, leis, sliġe tré ċreideaṁ ċum an ġrása so ’n‐a ḃfuil ár seasaṁ, agus atá gáirdeaċas orainn ag súil le glóir Dé.


Créad adéarfaimíd, mar sin? An peacaḋ an dliġe? Nár leigiḋ Dia é. Aċt muna mbéaḋ an dliġe, ní ḃéaḋ eolas ar ṗeacaḋ agam: óir ní ḃéaḋ eolas agam ar an sainnt, muna mbéaḋ go nduḃairt an dliġe, Ní ḋéanfair sainnt.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


An ḃfuil an dliġe i n‐aġaiḋ geallaṁnaċa Dé mar sin? nar leigiḋ Dia é: óir dá dtugtaiġe dliġe d’ḟéadfaḋ beaṫa do ṫaḃairt, is léir gur tríd an dliġe do ṫiocfaḋ fíréantaċt.


Ar ṁoḋ gurḃ é an dliġe ár n‐oide ċum sinn do ṫreorú ċum Ċríost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ.


tré n‐a ḃfuil dánaiḋeaċt agus sliġe againn ċum teaċt ċuige de ḃarr ár gcreidiṁ ann.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;


Óir an dliġe, ag a ḃfuil scáil na n‐aoiḃneas atá le teaċt, ní h‐í íoṁáiġ ḟíor na neiṫe féin, ní ḟéadann sé na daoine ṫig i ḃfogas d’ḟoirḃiú leis na h‐íoḋbarṫaiḃ ofráltar de ġnáṫ ó ḃliaḋain go bliaḋain.


óir do ḃí niḋ dob’ ḟearr curṫa i n‐áiriṫe ag Dia ḋúinne, ċum naċ ḃfoirḃfiḋe iad gan sinne ḃeiṫ leo.


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


aċt is aṁlaiḋ atá Críost mar Ṁac os cionn tiġe Dé; agus is sinne a ṫeaċ‐san, aċt ár muiniġin agus an dóċas atá mar aḋḃar glóire againn do ċongḃáil go daingean go deireaḋ.


D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


Anois má ḃí lán‐ḟoirḃeaċt le fáġáil de ḃárr na sagartaċta Léḃíticiġe (óir is fá’n sagartaċt sin fuair an pobal an dliġe), cia an gáḃaḋ do ḃí le sagart eile d’éirġe do réir úird Ṁelcisedec, gan a áireaṁ mar ḃéaḋ sé do réir úird Aáróin?


Agus de ḃriġ naċ ndearnaḋ sagart de gan mionn


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


Aċt anois is fearr go mór an ṁiniostrálaċt fuair sé, san méid gur idirṁeaḋontóir connarṫa níos fearr é, connraḋ atá bunuiġṫe ar ġeallaṁna ċaiḃ níos fearr.


Saṁlaoid de’n aimsir atá ann fá láṫair is eaḋ é: is ann ofráltar taḃartaisí agus íoḋbarṫa naċ ḃféadann coinsias an aḋraṫóra do ḋéanaṁ saor ó loċt;


Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ