Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 6:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Sa náit a ndeaċuiḋ an céidreaṫuiġe air ar soinne, eaḋon Iósa, dá ndearnaḋ árdsagart síorruiḋe do réir uird Ṁelċísedec.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 6:20
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Go mbeannuiġtear Dia agus Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, do ḃeannuiġ le gaċ beannaċt spioradálta sinn ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa i gCríost:


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Óir ba ċuiḃe do’n té, gur dó atá an uile niḋ, agus gur tríd atá an uile niḋ, ag taḃairt móráin clainne ċum glóire ḋó, príoṁ‐uġdar a slánuiġṫe d’ḟoirḃiú tré n‐ar ḟulaing sé.


Ar an aḋḃar sin ba ċóir go ndéanfaiḋe é cosṁail ar gaċ sliġe le n‐a ḃráiṫriḃ, ċum go mbéaḋ sé ’n‐a árd‐ṡagart trócaireaċ, ionnraic ins na neiṫiḃ ḃaineas le Dia, ċum cúiteaṁ do ḋéanaṁ as peacaiḋiḃ an ṗobail.


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


d’á ainmniú ag Dia mar árd‐ṡagart do réir úird Ṁelcisidec.


mar aduḃairt sé i n‐áit eile, leis, Is sagart go síorraiḋe ṫú, Do réir úird Ṁelcisidec.


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


ní tré ḟuil gaḃar agus laoġ, áċt tré n‐a ḟuil féin, do ċuaiḋ sé isteaċ san naoṁ‐áit an t‐aon uair aṁáin, agus do ġnóṫuiġ sé fuasclaḋ síorraiḋe.


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ