Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.
Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.
Go firinneaċ adeirim liḃ, Atá an t‐am ag teact, agus atá sé ann anois féin, ’n‐a n‐éistfiḋ na mairḃ le guṫ Ṁic Dé; agus mairfiḋ siad‐san éistfeas leis.
agus aduḃairt, A ḃráiṫreaċa, ní foláir go gcóiṁlíonfaiḋe an scrioptúir, do ṫairngir an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Dáiḃi i dtaoḃ Iúdáis, an té do ṫreoruiġ iad‐san go ġaḃ Íosa.
Agus nuair nár ḟéadadar teaċt ar aon intinn eadorṫa féin, d’imṫiġeadar, tar a éis do Ṗól focal aṁáin a ráḋ leo, Is maiṫ aduḃairt an Spiorad Naoṁ tré ḃéal Ésáias fáiḋ,
ainmniġeann sé lá eile arís, g‐á ráḋ tré Ḋáiḃí, tar éis aimsire ċóṁ fada sin, Indiu, mar aduḃraḋ ċeana, Indiu, má ċluineann siḃ a ġuṫ, Ná cruaḋuiġiḋ ḃur gcroiḋeaċa.
Is é ḟoillsiġeas an Spiorad Naoṁ san méid sin, naċ ḃfuil an tsliġe isteaċ ċum na h‐áite naoṁṫa ar ḟoscailt fós, ċóṁ fada agus atá an ċéad tabernacal ar bun.
Féaċ, atáim im’ ṡeasaṁ ag an doras ag bualaḋ: má éisteann aon duine lem’ ġuṫ, agus an doras d’ḟoscailt, tiocfad isteaċ ċuige, agus íosad suipéar i n‐éinḟeaċt leis, agus íosaiḋ seisean i n‐éinḟeaċt liom‐sa.