Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 13:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Guiḋiḋ orainne: óir creidimíd go ḃfuil coinsias glan againn, agus a ḟonn orainn maireaċtain go cneasta ar gaċ sliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Déunuiḋ úrnuiġe air ar soinn: óir is muiniġneaċ sinn as coinnsías maiṫ do ḃeiṫ aguinn, ar mbeiṫ fonnṁar ḋúinn ar sinn féin diomċar go cuḃaiḋ sna huile neíṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 13:18
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Ċuige seo is eaḋ atáim ag déanaṁ mo ḋíċill, le coinsias glan gan smál do ċoiṁéad i gcóṁnaiḋe i dtaoḃ Dé agus daoine.


Ná cúitiġiḋ an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar biṫ. Loirgiḋ na neiṫe atá uasal i ḃfiaḋnaise an uile ḋuine.


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, agus as uċt gráḋa an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guiḋe ċum Dé ar mo ṡon;


Óir is é fáṫ ár maoiḋṁeaċais, fiaḋnaise ár gcóinsiais, gur i naoṁṫaċt agus i ḃfíre i ḃfiaḋnaise Dé d’iomċaramar sinn féin san tsaoġal, ní h‐é i ngliocas colnaiḋe, aċt i ngrása Dé, ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa go mór.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, gaċ a ḃfuil fíor, gaċ a ḃfuil uasal, gaċ a ḃfuil glan, gaċ a ḃfuil ’n‐a ḋíol gráḋa, gaċ a ḃfuil fá ḋeaġ‐ċlú; gaċ suḃáilce, gaċ éinniḋ atá ionṁolta, gur ab orṫa sin ḃéas siḃ ag smaoineaḋ.


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


ċum go mba cneasta ḃur n‐iomċar i súiliḃ na ndaoine atá lasmuiġ, gan ganntanas ar biṫ ḃeiṫ oraiḃ.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, guiḋiḋ orainne, ċum go leaṫaiḋ briaṫar an Tiġearna, agus go nglóiriġtear é, mar tá d’á ḋéanaṁ agaiḃ‐se;


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Bíoḋ deaġ‐iomċar macánta i measc na bPágánaċ agaiḃ; ċum, giḋ go laḃrann siad ’n‐ḃur n‐aġaiḋ aṁail mar ḃéaḋ siḃ ’nḃur luċt mí‐ġníṁ, go dtugaiḋ siad fá deara ḃur ngníoṁarṫa maiṫe, agus go dtugaiḋ siad glóir do Ḋia i ló na cuarta.


aċt a ḋéanaṁ go ciúin, ómósaċ, agus coinsias maiṫ ḃeiṫ agaiḃ; ionnas, nuair laḃartar ’n‐ḃur n‐aġaiḋ, go gcuirfear náire orṫa‐san ṁasluiġeas ḃur ndeaġiomċar i gCríost.


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ