Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 13:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Biḋiḋ uṁal d’ḃúr dtreoruiġṫiḃ, agus taḃraiḋ ómós dóiḃ: óir bíonn siad ag faire ḃur n‐anmanna, mar ḋaoine go ḃfuil sé de ḋualgas orṫa cunntas do ṫaḃairt: ċum go ndéanfaiḋ siad go lúṫġáireaċ é, agus ní go doilġeasaċ: óir ní ḃéaḋ sin ċum ḃur leasa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Táḃruiḋ úṁlaċd do luċd ḃur dtréoruiġṫe, agus ísliġe siḃ féin dóiḃ: óir bíd siad ag faire ḃur nanmann mar an luċd ḃéuras conntas úaṫaḋ, ċum so do ḋéunaṁ ḋóiḃ maille ré gáirdeaċas agus ní ré hosnaiġiḃ: óir as neaṁṫarḃaċ ḋíḃse so.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 13:17
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlaoḋ sé ċuige é, agus aduḃairt sé leis, Créad é seo do‐ċluinim id’ ṫaoḃ‐sa? taḃair cunntas do ṁaoirseaċta; óir ní ḟéadfair ḃeiṫ id’ ṁaor agam feasta.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


D’á ḃriġ sin ḃéarfaiḋ gaċ duine againn cunntas ’n‐a ṫaoḃ féin do Ḋia.


agus do gaċ duine atá ag cóṁoibriú agus ag saoṫrú.


ag géilleaḋ d’á ċéile i n‐eagla Ċríost.


ag guiḋe i gcóṁnaiḋe le gáirdeaċas i ngaċ aṫċuinġe ar son an uile ḋuine agaiḃ,


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


ag noċtaḋ briaṫair na beaṫaḋ, ċum go mbéiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais agam i ló Ċríost, de ċionn nár riṫeas agus nár ṡaoṫruiġeas i n‐aisce.


Glacaiḋ ċugaiḃ é, mar sin, le lán‐ġáirdeaċas san Tiġearna, agus taḃraiḋ ómós d’á leiṫéidiḃ sin:


Óir atá a lán daoine ag siuḃal, gur inniseas daoiḃ go minic le deoraiḃ ’n‐a dtaoḃ, gur náiṁde do ċrois Ċríost iad:


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.


Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


Beannuiġiḋ d’ḃur dtreoruiġṫiḃ uile, agus do na naoṁaiḃ go léir. Beannuiġeann bráiṫre na hIodáile ḋaoiḃ.


Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ.


Uṁluiġiḋ do Ḋia, d’á ḃriġ sin; aċt cuiriḋ i n‐aġaiḋ an diaḃail, agus teiċfiḋ sé uaiḃ.


Ar an gcuma ċéadna, cuireaḋ an t‐aos óg iad féin fá ċeannas na seanóir. Bíoḋ an uṁlaċt mar ċlúdaċ oraiḃ, óir cuireann Dia i n‐aġaiḋ na n‐uaiḃreaċ, aċt do‐ḃeir sé grása do na h‐uṁlaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ