29 óir is teine dian‐loiscneaċ ár nDia‐ne.
29 Oír as teine ḋíanloisgeaċ ar Ndíane.
Mar sin de, de ḃriġ gur ab eol dúinn eagla an Tiġearna, táimíd d’iarraiḋ na daoine do spreagaḋ, agus aiṫniġeann Dia sinn; agus atá súil againn go n‐aiṫniġeann siḃ‐se ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ sinn, leis.
agus suaiṁneas i n‐éinḟeaċt linne do ṫaḃairt daoiḃ‐se, nuair foillseoċar an Tiġearna Íosa ó neaṁ, mar aon le h‐aingliḃ a ċuṁaċta,
i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:
aċt ag feiṫeaṁ fá ċriṫ‐eagla leis an mbreiṫeaṁnas, agus le teiniḋ ḟíoċṁair ṡloigfeas náiṁde Dé.
agus arís, Ḃéarfaiḋ an Tiġearna breiṫ ar a ṗobal. Is mór is cúis eagla tuitim idir láṁaiḃ an Dé ḃeo.
gur fá ċóṁair teineaḋ atá siad d’á gcoiṁeád ag an mbriaṫar céadna sin, d’á gcongḃáil go dtí lá breiṫeaṁnais agus scriosta na ndaoine neiṁ‐ḋiaḋa.