Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 12:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus an focal, Aon uair aṁáin, cialluiġeann sé aistriú na neiṫe úd atá so‐ċorruiġṫe, mar atá neiṫe do cruṫuiġeaḋ, ċum go ḃfanfaḋ na neiṫe atá do‐ċorruiġṫe ’n‐a gcóṁnaiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus foillsiġiḋ an ráḋ so, Fós éunuáir eile, áṫruġaḋ na neiṫeann atá neiṁṡeasṁaċ, mar atá na neiṫe do rinneaḋ, ionnus go mbiaḋ na neiṫe doġlúaisde coṁnuiġeaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 12:27
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Raċaiḋ spéir agus talam ar ceal: aċt ní raċaiḋ mo ḃriaṫra‐sa ar ceal.


Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.


le súil go saorfar gaċ ar cruṫuiġeaḋ ó ḃraiġdeanas na truailleaċta ċum saoirse glóire maicne Dé.


agus ’n‐a raiḃ siad‐san ḃaineas úsáid as an saoġal so mar ḃéaḋ daoine naċ mbaineann úsáid go h‐iomlán as; óir atá gné an tsaoġail seo ag imṫeaċt ṫart.


Agus, Is tusa, a Ṫiġearna, i dtosaċ do leag bun an doṁain, Agus is iad na spéarṫa oibreaċa do láṁ:


Óir ní caṫair ċóṁnuiġṫeaċ atá againn annso, aċt is aṁlaiḋ atáimíd ag tnúṫ le caṫair atá le teaċt.


Aċt, iar dteaċt do Ċríost mar árd‐ṡagart na n‐aoiḃneas atá le teaċt, tré ṫabernacal is mó agus is iomláine, naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, is é sin naċ de’n tsaoġal so,


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus do ċonnacas neaṁ úr‐nua agus talaṁ úr‐nua: óir do ḃí an ċéad neaṁ agus an ċéad talaṁ imṫiġṫe, agus ní raiḃ an ḟairrge ann ní ba ṁó.


agus glanfaiḋ sé gaċ deor d’á súiliḃ, agus ní ḃéiḋ an bás ann níos mó; ní ḃéiḋ, ná brón, ná caoineaḋ, ná pian; óir atá na ċéad neiṫe imṫiġṫe ar ceal.


Agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, aduḃairt sé, Féaċ, atáim ag déanaṁ an uile niḋ as an nua. Agus aduḃairt sé, Scríoḃ: óir is fírinneaċ, ionnraic na briaṫra so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ