Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 12:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Taḃruiḋ dá ḃur naire gan éura do ṫaḃairt don tí láḃras riḃ. Oir muna deaċuiġ an dream úd as tug díultaḋ don tí laḃair ríu as uċd Dé ar an dtalaṁ, a né naċ lúġa ná sin raċmaóidne as, dá ndíultam don tí atá ó neaṁ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 12:25
36 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Agus aduḃairt Íosa leis, Taḃair aire gan innsint d’aoinneaċ faoi; aċt imṫiġ, taisbeán ṫú féin do’n tsagart, agus déan an íoḋbairt d’órduiġ Maois, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


An Maois seo d’ár ḋiúltadar, g‐á ráḋ, Cia do‐rinne riaġlóir agus breiṫeaṁ ḋíot‐sa? do ċuir Dia uaiḋ eisean ’n‐a riaġlóir agus ’n‐a ḟuascaltóir le láiṁ an aingil do taiḋḃriġeaḋ ḋó san tor.


Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.


agus tionn‐tóċaiḋ siad a gcluasa ó’n gcreideaṁ, agus casfaiḋ siad ċum faḃal.


Is iomḋa moḋ agus sliġe ’n‐ar laḃair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaiḃ tré na fáiḋiḃ,


Tré ċreideaṁ Naoi, iar ḃfáġáil raḃaiḋ ó Ḋia i dtaoḃ na neiṫe naċ raiḃ fós le feicsin, le h‐eagla agus le hurramaċt do ċuir sé áirc i gcóir ċum a ṫeaġlaċ féin do ṡáḃáil: agus d’á ḃárr sin do ċionntuiġ sé an saoġal, agus do rinneaḋ oiḋre na fíréantaċta atá tré ċreideaṁ ḋe.


agus ċum dorċaċta, ná ċum stoirme, agus ċum árd‐ġlóir stuic, agus ċum gleoḋ focal; gur iarr na daoine do ċuala é d’impiḋe naċ laḃarfaiḋe aon ḟocal eile leo:


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


Agus cia leo go raiḃ Dia i ḃfeirg ar feaḋ ḋá ḟiċid bliaḋan? Nárḃ iad‐san do rinne peacaḋ iad, gur ṫuit a gcuirp san ḃfásaċ?


fir do‐ġní frioṫáileaṁ ar ṡompla agus ar scáil na neiṫe neaṁḋa, fá mar fuair Maois fógra agus é ar tí an tabernacal do ḋéanaṁ: Óir féaċ ċuige ars’ sé, go ndéanaiḋ tú gaċ uile niḋ do réir an tsompla do taisbeánaḋ ar an gcnoc duit.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Agus do ṫuiteas síos ag a ċosaiḃ ċum aḋraḋ do ḋéanaṁ ḋó; aċt aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca: déan aḋraḋ do Ḋia, óir is í fiaḋnaise Íosa spiorad na tarngaireaċta.


Agus aduḃairt seisean liom, Seaċain, ná déan é: is cóiṁ‐ṡeirḃíseaċ leat‐sa mé, agus led’ ḃráiṫriḃ, ná fáiḋe, agus leis an dream ċoiṁeádas briaṫra an leaḃair seo; déan aḋraḋ do Ḋia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ