Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 12:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Taḃruiḋ aire riḃ fá gan áoinneaċ aguiḃ do ċláonaḋ ó ġrás Dé; fá gan fréuṁ ṡearḃuis ar biṫ do ḟás súas dá ḃur mbuáiḋreaḋ, trés a ndéuntaói morán neaṁġlan;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 12:15
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt do‐rinneas‐sa guiḋe ar do ṡon‐sa, ċum naċ gcaillfeaḋ ar do ċreideaṁ: agus nuair iompóċair neartuiġ do ḃráiṫre.


Uime sin, an té ṁeasas ḃeiṫ ’n‐a ṡeasaṁ, taḃraḋ sé aire ar eagla go dtuitfeaḋ sé.


Ní ċliseann ar an ngráḋ am ar biṫ: aċt má tá tarngairí ann, tiocfaiḋ siad ċum críċe; má tá teangṫaċa ann, curfar deireaḋ leo; má tá eolas ann, raċaiḋ sé ar ceal.


Ná mealltar siḃ: Truailliġeann droċċ‐uideaċta deaġ‐ḃéasa.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


Agus do rinne an ċuid eile de na h‐lúdaċaiḃ an meallaḋ céadna sin i n‐éinḟeaċt leis; ar ṁoḋ gur scuabaḋ Barnabas féin ċum siuḃail le n‐a gceilg.


Atá siḃ deiġilte ó Ċríost; an méid díḃ gur mian liḃ ḃur ḃfíréanú tríd an dliġe; atá siḃ tuitṫe ó ġrása.


Aċt striapaċas, agus gaċ saġas neaṁ‐ġlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐ḃur measc, mar ba ċóir do naoṁaiḃ;


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Is glan gaċ niḋ do’n dream atá glan: aċt ní glan éinniḋ do’n dream neaṁ‐ġlan, díċreidṁeaċ; aċt atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truailliġṫe.


Taḃraiḋ aire, a ḃráiṫre, ar eagla go mbéaḋ droċ‐ċroiḋe dí‐ċreidṁeaċ am ar biṫ i n‐aon duine agaiḃ, go dtréigfeaḋ siḃ an Dia beo:


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Uime sin déanaimís díċeall ċum dul isteaċ san tsuaiṁneas sin, ar eagla go dtuitfeaḋ aon duine ’n‐a leiṫéid sin d’easuṁlaċt.


Agus is é is mian liom go dtaisbeánfaḋ gaċ duine agaiḃ an dúṫraċt ċéadna ċum lán‐dearḃṫaċt dóċais do ċoṫú go deireaḋ:


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Ó ṫárla go ḃfuil sé i ndán do na neiṫiḃ seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba ċeart daoiḃ‐se ḃeiṫ mar ḋaoine do réir deaġ‐iomċair agus diaḋaċta,


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.


Biḋiḋ ar ḃur n‐aire ċum naċ gcaillfiḋ siḃ a ḃfuil saoṫruiġṫe agaiḃ, aċt go ḃfaiġiḋ siḃ lán‐luaċ saoṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ