Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 11:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 do fróṁaḋ cuid eile aca le magaḋ agus le sciúrseaḋ, le cuiḃreaċaiḃ agus le príosún:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Agus do dearḃaḋ drung eile ré sgige agus ré sgíursuiġiḃ, agus fós, ré géiḃeannuiḃ agus ré príosún:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 11:36
45 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do‐ḃéarfaid do na Geintiḃ é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasaḋ: agus, an treas lá éireoċaiḋ sé arís.


Agus do rug na scológa ar a ṡearḃóntaiḃ, agus do ḃuaileadar duine aca, agus do ṁarḃadar duine eile, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ ar ḋuine eile.


D’á ḃriġ sin, féaċ, ċuirim‐se ċugaiḃ fáiḋe, agus eagnaiḋṫe, agus scríoḃaiḋṫe: marbóċaiḋ siḃ cuid aca, agus céasfaiḋ siḃ cuid aca; agus sciúrsálfaiḋ siḃ cuid aca ’n‐ḃúr sionagógaiḃ, agus ruaigfiḋ siḃ ó ċaṫair go caṫair iad:


Annsin do scaoil sé saor ċuca Barabbas: aċt do sciúrsál sé Íosa agus ṫug sé suas é ċum a ċéasta.


agus do‐ġéanaid‐sean fonoṁaid faoi, agus caiṫfid seile air, agus sciúrsálfaid é, agus marḃóċaid é; agus tar éis trí lá éireoċaiḋ sé arís.


Oir do‐ḃéarfar é do na Págánaċaiḃ, agus déanfar fonoṁaid faoi, agus do‐ḃéarfar droċ‐íde air, agus caiṫfear seile air;


Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é.


Agus do ḃí na saiġdiúirí, mar an gcéadna, ag magaḋ faoi, ag teaċt ċuige, ag tairgsin ḃínéagra ḋó,


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


Aċt nuair ḃí ḋá ḃliaḋain imṫiġṫe, ṫáinig Porcius Féstus i n‐ionad Ḟéilics; agus le sásaṁ do ṫaḃairt do na h‐Iúdaċaiḃ, d’ḟág Ḟéilics Pól fá ċeangal.


Agus rugadar orṫa, agus do ċuireadar i bpríosún iad go maidin lá ar n‐a ḃáraċ: óir ḃí an tráṫnóna ann fá’n am sin.


agus rugadar ar na h‐abstalaiḃ, agus do ċuireadar san bpríosún poibliḋe iad.


Agus d’aontuiġeadar leis: agus tar a éis dóiḃ na h‐abstail do ġlaoḋaċ ċuca, do ḃuaileadar iad, agus d’órduiġeadar dóiḃ gan laḃairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Aċt do ḃí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteaċ ins gaċ aon tiġ, ag tarraing fear agus ban amaċ agus g‐á gcur i bpríosún.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


Go dtugaiḋ an Tiġearna trócaire do ṫeaġlaċ Onésiforuis; óir is minic ṫug sé sólás croiḋe ḋom, agus níor nár leis mo ṡlaḃraḋ;


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ