Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 11:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Tré ċreideaṁ d’ḟág sé an Éigipt ’n‐a ḋiaiḋ, gan eagla air roiṁ ḋíḃeirg an ríoġ: óir do ṡeasuiġ sé go tréan, mar ḃéaḋ a ṡúil ar an té naċ ḃfeicṫear.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 As tré ċreideaṁ do ṫréig sé an Néigipt, gan ḟaitċeas air roiṁ ḟeirg an ríġ: óir do ḃí sé coṁláidir sin ná inntinn, ionann agus do ċífeaḋ sé an tí naċ féidir dfaicsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 11:27
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma: aċt as té ḃéas buan‐tseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


agus ní ḟuil fréaṁ aca ionnta féin, aċt seasann siad ar feaḋ tamaill; annsin, nuair éiriġeas trioblóid nó géir‐leanaṁain mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann siad scannal ar an láṫair.


Óir is é adeir Dáiḃi ’n‐a ṫaoḃ, Do ċonnacas an Tiġearna i gcóṁnaiḋe ar m’ḟiaḋnaise róṁam; Óir atá sé ar mo ḋeis, ċum naċ gcorróċaiḋe mé:


foiḋniġeann sé le gaċ niḋ, creideann sé an uile niḋ, cuireann sé muiniġin as gaċ uile niḋ, fulaingeann sé an uile niḋ.


gan ár súile ḃeiṫ ar na neiṫiḃ so‐ḟeicsiona, aċt ar na neiṫiḃ do‐ḟeicsiona: óir ní ṫugann na neiṫe so‐ḟeicsiona aċt seal, aċt is síor‐ḃuan iad na neiṫe do‐ḟeicsiona.


Is é íoṁáiġ an Dé ḋo‐ḟeicsiona é, céid‐ġein gaċ ar cruṫuiġeaḋ;


Anois do’n Riġ síorraiḋe, do‐ṁarḃṫa, do‐ḟeicsiona, do’n Aon‐Dia, go raiḃ onóir agus glóir go saoġal na saoġal. Amen.


an té aṁáin ag a ḃfuil an do‐ṁarḃṫaċt, ċóṁnuiġeas i solas do‐ṡroiċte; an té naċ ḃfaca súil duine ariaṁ, agus naċ ḃféadann aon duine a ḟeicsin: dó‐san go raiḃ an onóir agus an ċuṁaċt síorraiḋe. Amen.


Aċt biḋiḋ ag cuiṁneaṁ ar na sean‐laeṫiḃ ’n‐ar ṡeasuiġ siḃ spairn ṗianaṁail, tar a éis daoiḃ solas d’ḟáġáil;


Anois is é is creideaṁ ann, ḃeiṫ dearḃṫa de na neiṫiḃ go ḃfuiltear ag súil leo, ḃeiṫ cinnte fá neiṫiḃ naċ ḃfeictear.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Agus mar sin, tar a éis dó fanaṁain go foiġdeaċ, fuair sé a raiḃ geallta ḋó.


Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ