Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 11:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 g‐á ṫaḃairt de roġa anró d’ḟulang i n‐éinḟeaċt le pobal Dé, ’ná pléisiúr do ḃaint as an bpeacaḋ ar feaḋ tamaill;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Ar mbreiṫ ḋó do roġain ḃeiṫ ag fulang buáiḋearṫa a ḃfoċair ṗubail Dé, tar ḃeiṫ a sáiṁe neaṁmbúan an ṗeacuiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 11:25
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Aċt aduḃairt Abraċam, A ṁic, cuiṁniġ go ḃfuarais‐se deaġ‐neiṫe le linn do ṡaoġail, fá mar fuair Lasár droċ‐neiṫe: aċt anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.


Do ċonnacas go soiléir aṁgar mo ṗobail atá san Éigipt, agus d’airiġeas a gcneadaċ, agus ṫáinig mé le tárrṫáil do ḋéanaṁ orṫa: agus anois, tar, cuirfead ċum na h‐Éigipte ṫú.


Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid;


Ar an aḋḃar sin, má tá aoinneaċ i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireaḋ leis na sean‐neiṫiḃ; atáid déanta as an nua.


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


Aċt biḋiḋ ag cuiṁneaṁ ar na sean‐laeṫiḃ ’n‐ar ṡeasuiġ siḃ spairn ṗianaṁail, tar a éis daoiḃ solas d’ḟáġáil;


do gaḃaḋ de ċloċaiḃ orṫa, do gearraḋ ó ċéile iad le tuireasc, do cuireaḋ caṫuiġṫe orṫa, do marḃaḋ iad le faoḃar claiḋiṁ: d’imṫiġeadar le fán an tsaoġail, agus croicne caoraċ agus croicne gaḃar umpa: ḃíodar beo‐ḃoċt, fá anró agus fá ċráḋ (daoine nárḃ fiú an saoġal iad),


Uime sin fágṫar suaiṁneas sabóide ag pobal Dé.


Óir ní oibriġeann fearg an duine fíréantaċt Dé.


Do ċaiṫeaḃar ḃur saoġal ar talaṁ le macnas agus le pléisiúr; do ḃí an‐tsásaṁ croiḋe agaiḃ i ló an áir.


siḃ‐se náċ raiḃ ’n‐ḃur bpobal roiṁe sin, aċt atá ’n‐ḃur bpobal Dé anois: siḃ‐se naċ ḃfuair trócaire, aċt go ḃfuil trócaire fáġalta agaiḃ anois.


Dá ṁéid dár éiriġ sí mórtasaċ, sáiṫeaċ i saḋaile, taḃraiḋ‐se ḋi an oiread céadna de ċiapaḋ agus de ḋoilġeas: óir adeir sí ’n‐a croiḋe, Atáim im’ ṡuiḋe im’ ḃainrioġain, ní baintreaḃaċ mé, agus ní ḟeicfead lá bróin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ