Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Neaḃruiḋeaċ 10:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Óir atá gáḃaḋ le foiḋne agaiḃ, ar ṁoḋ, ṫar a éis daoiḃ toil Dé do ḋéanaṁ, go ḃfaiġiḋ siḃ a ḃfuil geallta ḋaoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Oir atá foiġid na ríaċdanus oruiḃ, ionnus ar ndéunaṁ tola Dé ḋíḃ, go ḃfuiġe siḃ toraḋ na geallaṁna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Neaḃruiḋeaċ 10:36
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Ciaca de’n ḃeirt seo do‐rinne toil a aṫar? Aduḃradar‐san leis, An ċéad ḟear. Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, go raċaiḋ na poibleacáin agus na striapaċa isteaċ i ríoġaċt Dé róṁaiḃ‐se.


Aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Ní h‐é gaċ aoinneaċ adéarfas liom, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, raċas isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas; aċt an té do‐ġní toil m’Atar atá ar neaṁ.


Óir cibé duine do‐ġní toil Dé, is é sin mo ḋearḃráṫair, agus mo ḋeirḃṡiúr, agus mo ṁáṫair.


Le neart foiġde slánóċaiḋ siḃ ḃúr n‐anmanna.


Agus an ċuid atá sa talaṁ maiṫ, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriaṫar le deaġ‐ċroiḋe macánta, agus congḃuiġeann siad é, agus do‐ḃeir siad toraḋ go foiġdeaċ uaṫa.


Cibé duine gur mian leis a ṫoil‐sean do ḋéanaṁ, tuigfiḋ sé i dtaoḃ an teagaisc, an ó Ḋia laḃraim, nó uaim féin.


Agus nuair do ḃí seisean curṫa i leaṫ‐taoiḃ aige, do ṫog sé suas Dáiḃí ċum ḃeiṫ ’n‐a riġ ḋóiḃ; agus ṫug sé teistiméireaċt dó, g‐á ráḋ, Fuaras Dáiḃi mac Iesse, fear de réir mo ċroiḋe, ḋéanfas gaċ niḋ de réir mo ṫola.


Óir, nuair do ḃí a ṡeirḃís déanta ag Dáiḃí ’n‐a ġeinealaċ féin, do ċodail sé, agus do cuireaḋ é i ḃfoċair a ṡinnsear, agus do ċonnaic sé truailleaḋ;


ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain;


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


Aċt má ḃíonn dóċas againn ċum an niḋ naċ ḃfeicimíd, bímíd ag fuireaċ go foiġdeaċ air.


foiḋniġeann sé le gaċ niḋ, creideann sé an uile niḋ, cuireann sé muiniġin as gaċ uile niḋ, fulaingeann sé an uile niḋ.


Agus ná h‐éiriġmís tuirseaċ ag déanaṁ maiṫeasa: óir bainfimíd toraḋ i n‐am oireaṁnaċ, muna dtagaiḋ lag‐spioraidiġe orainn.


ní le súil‐ṡeirḃís, mar ḃéaḋ siḃ d’iarraiḋ daoine do ṡású, aċt mar ṡeirḃísiġ Ċríost, ag déanaṁ tola Dé ó’n gcroiḋe;


siḃ daingniġṫe le gaċ neart tré ċuṁaċt a ġlóire, nó go raiḃ siḃ lán‐ḟoiḋneaċ, fad‐ḟulaingeaċ le h‐áṫas;


agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Agus fuaradar‐san uile deaġ‐ṫeist de ḃárr a gcreidiṁ, aċt ní ḟuaradar an ġeallaṁain:


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.


Agus mar sin, tar a éis dó fanaṁain go foiġdeaċ, fuair sé a raiḃ geallta ḋó.


Uime sin, ó ṫárla gur ṁian le Dia buain‐tseasṁaċt a raiḃ ceapṫa aige i gcóṁair oiḋrí na geallaṁna do ṫaisbeáint níos cruinne, ṫug sé an mionn isteaċ:


Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.


agus slánú ḃur n‐anmann d’á ḟáġáil agaiḃ mar ṫoraḋ ḃur gcreidiṁ.


Agus atá an saoġal agus a ċuid sainnte ag imṫeaċt: aċt an té do‐ġní toil Dé fanann seisean go síorraiḋe.


Cibé duine ṫreoruiġeas ċum daor‐ḃroide, is ċum daor‐ḃroide raċas sé; cibé duine ṁarḃas le claiḋeaṁ, ní foláir a ṁarḃaḋ féin le claiḋeaṁ. Annso is eaḋ atá foiġid agus creideaṁ na naoṁ.


Annso is eaḋ atá foiġid na naoṁ, luċt ċoiṁeádta aiṫeanta Dé agus creidiṁ Íosa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ