Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:56 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

56 Agus cibé áit ’n‐a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailtiḃ beaga, nó i gcaṫraċaiḃ, nó fá’n tuaiṫ, do ċuiridís na daoine breoite ar na sráidiḃ, agus d’impiḋdís air a leigean dóiḃ fiú cuimilt le h‐imeall a ḃrait: agus an méid do ċuimil leis do leiġeasaḋ iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

56 Agus cibé áit ina dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailte, nó i ḃfeirmeaċa, nó i gcaṫraċa, leagaḋ siad na daoine breoiḋte ar na sráiḋeaċa, agus dʼiarraḋ siad air leigint dóiḃ baint fiú le feaiṫim a éidiḋ; agus an méid a ḃain, rinneaḋ slán iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

56 Agus pé ball ’n-a dtéiġeaḋ sé isteaċ, i sráidiḃ nó i mbailtiḃ nó i gcaṫraċaiḃ, ċuiridís na daoine breóite ar na sráidiḃ, agus ḃídís ’ġá iarraiḋ air leigint dóiḃ fiú baint le faḃra a ḃrait; agus an méid a ḃaineaḋ leis do leiġistí iad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

56 Agus giḋ bé bailte, nó caiṫreaċa, no dúṫaiġ, an a ndeaċuiḋ sé a sdeaċ, do ċuirdís na dáoine tinne ar na sráidiḃ, agus do íarraidís air cumailt ré himeal a éuduiġ a ṁáin: agus an ṁéid do ċumail ris fúaradar a slainte.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:56
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus d’iarradar air leigean dóiḃ baint aṁáin le scoṫóig a ḃrait: agus an méid do ḃain, do leiġeasaḋ iad.


Agus féaċ, ṫáinig bean, ar a raiḃ sruṫ fola le ḋá ḃliaḋain déag, taoḃ ṫiar de, agus do ċuimil sí le faḃra a ḃrait: óir aduḃairt sí ’n‐a h‐intinn fein,


óir do ḃí sé tar éis mórán daoine do leiġeas; ar ċuma go raiḃ na daoine ar a raiḃ aicíd ar biṫ, go raiḃ siad ag brúġaḋ isteaċ air, ag cuimilt leis.


agus do riṫ na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do ṫosnuiġeadar ar na daoiniḃ breoite d’iomċur ar a leapṫaċaiḃ, go dtí gaċ áit ’n‐a gcloisidís é do ḃeiṫ.


Aċt d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé, Leigiḋ liom an méid seo. Agus do ċuir sé a láṁ ar an gcluais, agus do leiġeas sé í.


Agus do ḃí an sluaġ go léis ag iarraiḋ cuimilt leis: óir do ḃí cuṁaċt ag teaċt amaċ uaiḋ do ṡlánuiġ iad go léir.


ṫáinig sí taoḃ ṫiar de, agus do ċuir sí a lám ar ḟaḃra a ḃrait: agus ar an láṫair do cuireaḋ stad leis an sruṫ fola.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


ó táimídne d’ár gceistiú indiu i dtaoḃ duine lag‐ḃríoġaiġ do ċur ar a leas, cionnas slánuiġeaḋ an duine sin;


ionnas go n‐iomċraidís na daoine breoite amaċ ar na sráidiḃ, agus ċuiridís ar leabṫaċaiḃ agus ar ṫoċtaiḃ iad, le súil, ag dul ṫart do Ṗeadar, go dtuitfeaḋ a scáil féin ar ḋuine aca.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ