Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Marcus 6:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus nuair a ṫáinic an tsabóro, ṫoisiġ sé a teagasc san tsineagóig, agus ċuala mórán é agus rinne siad iongantas dá teagasc, ag ráḋ: Cá ḃfuair sé seo na neiṫe seo uilig? Agus cad é an eagna seo a tugaḋ dó, agus a leiṫéroí de ṁíorḃailte agus atá dá ndéanaṁ tré n-a láṁa?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ṫáinig an tsabbóid, agus ċuaiḋ sé ag teagasg sa tsinagóig, agus ḋein a lán, nuair airíġeadar é, iongna d’á ṫeagasg, agus deiridís: Ca ḃfuair sé seo na neiṫe seo go léir? agus cad í an eagna a tugaḋ dó, agus a leiṫéid d’oibreaċaiḃ móra agus a déintear tré n-a láṁaiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus an tan ṫáinic an tsabbóid, do ṫionnsgain sé teagasg do ḋéanaṁ ann sa tsínagóig: agus do ġaḃ iongnaḋ mórán dá gcúalaiḋ é, ag ráḋ, Créd as a dtigid na neiṫeisi ċum an ḟirsi? agus créd í a neagna so tugaḋ ḋó, ionnas go ndéuntar a leiṫeide so do ṡuḃailciġiḃ tré na láṁuiḃ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Marcus 6:2
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus ag craoḃscaoileaḋ soiscéil na ríoġaċta, agus ag leiġeas an uile ġalair agus breoiteaċta i measc na ndaoine.


Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc:


Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.


Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad.


agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé.


Agus ḃíoḋ sé ag teagasc ins na sionagógaiḃ, agus na daoine go léir g‐á ṁolaḋ.


Agus aduḃradar, Naċ é seo Íosa mac Ṡeosaiṁ, go ḃfuil aiṫne againn ar a aṫair agus ar a ṁáṫair? cionnas, d’á ḃriġ sin, adeir sé, Ṫáinig mé anuas ó neaṁ?


Agus do ḃí iongnaḋ ar na h‐Iúdaċaiḃ, agus aduḃradar, Cionnas fuair an fear so léiġeann agus nár ḟoġlaim sé riaṁ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ