Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 9:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil ar ċumas do Ṁac an Duine ar talaṁ peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ (aduḃairt sé annsin leis an ḃfear pairiliseaċ), Éiriġ, tóg do leaba, agus imṫiġ ċum do ṫiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

6 Aċt ċun go raiḃ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ag Mac an Duine ar talaṁ peacaiḋe a ṁaiṫeaṁ, duḃairt sé annsin leis an ḟear a raiḃ an galar creaṫaċ air: Éiriġ, tóg suas do leabaiḋ, agus gaḃ aḃaile ċun do ṫiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Aċ ionus go mbeaḋ ḟios agaiḃ go ḃfuil ag Mac an Duine cóṁaċt ar an dtalaṁ so ċun peacaí a ṁaiṫeaṁ (duḃairt sé leis an ḃfear a ḃí gan lúṫ) Eiriġ-se, agus tóg suas do leabaiḋ, agus imṫiġ ċun do ṫiġe féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd do ċum mbeiṫ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċda ag Mac an duine peacaiġ do ṁaiṫeaṁ ar an ttalaṁ, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Eriġ, tógaiḋ do leabaiġ, agus imṫiġ dod ṫiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 9:6
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do leaṫ a ċlú ar fud tíre na Siṫre ar fad, agus tugaḋ ċuige iad‐san go léir ar a raiḃ easláinte, iad do ḃí cráiḋte le galaraiḃ ilġnéiṫeaċa agus le piantaiḃ, agus go raiḃ deaṁain ionnta, daoine go raiḃ an galar tuitimeaċ agus pairilis orṫa; agus do leiġeas sé iad.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Agus féaċ, tugaḋ ċuige fear pairiliseaċ, agus é ’n‐a luiġe ar leabaiḋ: agus nuair ṫug Íosa fá ndeara an creideaṁ do ḃí aca, aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ, A Ṁic, bíoḋ meisneaċ agat; atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit.


Cia aca is fusa a ráḋ, Atá do ṗeaċaiḋe maiṫte ḋuit; nó a ráḋ, Éiriġ, agus siuḃail?


Agus d’éiriġ seisean, agus d’imṫiġ sé ċum a ṫiġe féin.


Aċt, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ go ḃfuil cuṁaċt ar an doṁan so ag Mac an Duine ċum peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ; (aduḃairt sé leis an ḃfear pairiliseaċ),


Cad ċuige a laḃrann an fear so mar sin? dia‐ṁaslaḋ atá aige d’á ḋéanaṁ: cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ aċt Dia aṁáin?


Agus do ṫosnuiġ na scríoḃaiḋṫe agus na Fairisíniġ ar ċeasnú, agus iad g‐á ráḋ, Cia h‐é seo atá ag laḃairt dia‐ṁasla? Cia ḟéadas peacaiḋe do ṁaiṫeaṁ, aċt Dia aṁáin?


agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.


fá mar ṫugais dó cuṁaċt ar gaċ a ḃfuil beo, ionnas, gaċ a dtugais dó, go dtiuḃraḋ sé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ.


agus ṫug sé uġdarás dó ċum breiṫ do ḋéanaṁ, toisc gur ab é Mac an Duine é.


Aduḃairt Íosa leis, Éiriġ, tóg do leaba agus siuḃal.


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair.


Cibé duine go dtugann siḃ maiṫeaṁnas dó, do‐ḃeirim‐se maiṫeaṁnas dó, leis, mar, má tá rud ar biṫ maiṫte agam, is ar ḃur son‐sa atá sé maiṫte agam i láṫair Ċríost;


Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaiḋleoiriḃ ar son Ċríost, aṁail mar ḃéaḋ Dia ag impiḋe oraiḃ trínne: impiġmíd oraiḃ as uċt Ċríost réiḋteaċ do ḋéanaṁ le Dia.


agus biḋiḋ muinntearḋa le ċéile, deaġ‐ċroiḋeaċ, ag maiṫeaṁ d’á ċéile, fá mar tá maiṫte ag Dia i gCríost daoiḃ‐se.


ag foiḋneaṁ le ċéile, agus ag maiṫeaṁ d’á ċéile, má ḃíonn cúis ar biṫ ag aoinneaċ ar ḋuine eile; fá mar ṫug Críost maiṫeaṁnas daoiḃ‐se,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ