Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 9:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Annsin aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ, is mór é an fóġṁar, aċt is gann iad na h‐oibriḋṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Annsin deir sé le n-a ḋeisciobail: Tá an fóġṁar mór go dearḃṫa, aċt tá na h-oibriḋṫe gann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Ansan duḃairt sé le n-a ḋeisgiobulaiḃ: Tá an fóġṁar mór aċ tá an luċt oibre suaraċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 A deir sé an tansin re na ḋeisgioblaiḃ, Go deiṁin is mór an fóġṁair, agus is beag an luċd oibre;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 9:37
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir is cosṁail ríoġaċt na ḃflaiṫeas le fear tiġe do ċuaiḋ amaċ go moċ ar maidin ag cur luċt oibre ar tuarastal ’n‐a ḟíonġort.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Guiḋiḋ, d’á ḃriġ sin, Tiġearna an ḟóġṁair, go gcuirfiḋ sé amaċ oibriḋṫe ċum an ḟóġṁair do ḃaint dó.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Agus aduḃairt sé leo, Is mór é an fóġṁar, aċt is suaraċ iad an luċt oibre: uime sin guiḋiḋ Tiġearna an ḟóġṁair buanaiḋṫe do ċur amaċ ċum a ḟóġṁair.


agus go ḃfógróċaiḋe ’n‐a ainm aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋ do na ciniḋeaċaiḃ uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Agus do ċonnaic Pól aisling san oiḋċe; Do ḃí fear ó’n Maiceadóin ’na ṡeasaṁ, ag cur impiḋe air, agus g‐á ráḋ, Tar anall go dtí an Ṁaiceadóin, agus caḃruiġ linne.


óir atáim‐se leat, agus ní ṫiocfaiḋ aoinneaċ dod’ ionnsaiġe le doċar do ḋéanaṁ ḋuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcaṫair seo.


Óir is ċóṁoibriḋṫe le Dia sinn: is fearann Dé siḃ‐se, foirgneaṁ Dé.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


má ṫagann sé ċugaiḃ, glacaiḋ leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de luċt an timċeall‐ġearrṫa iad‐san: is iad‐san aṁáin do ḃí ’n‐a gcóṁ‐oibriḋṫiḃ i n‐éinḟeaċt liom ar son ríoġaċta Dé, fir do ḃí mar ṡólás croiḋe ḋom.


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


Féaċ, tuarastal ḃur scláḃaiḋte do ḃain ḃur nguirt, atá d’á ċongḃáil siar agaiḃ san éagcóir, atá sé ag eagnaċ os árd, agus ṫáinig casaoid na mbuanaiḋe go cluasaiḃ Ṫiġearna na sluaiġeaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ