Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 9:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt an ḟir nua‐ṗósta ḃeiṫ duairc, fad agus ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair? aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a dtógfar uaṫa an fear nua‐ṗósta, agus annsin do‐ġéanaiḋ siad troscaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Agus duḃairt Íosa leo: An féidir do ċloinn an ḟir nua-ṗósta mairgneaċ a ḋéanaṁ a ḟad agus ḃíos an fear nua ṗósta ina gcuideaċta? Aċt tiocfaiḋ na laeṫe ina dtógfar uaṫa an fear nua-ṗósta, agus annsin ḋéanfaiḋ siad troscaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus duḃairt Íosa leó: An féidir do ċlainn an Ċéile ḃeiṫ duairc an ḟaid atá an Céile ’n-a ḃfoċair? Aċ tiocfaiḋ an t-am i n-a dtógfar uaṫa an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus a duḃairt Iósa ríu, A nféidir lé cloinn seomra an ḟir núaṗosda ḃeiṫ dóbronaċ, an feaḋ ḃios an té do pósaḋ na ḃfoċair? aċd tiocfuiḋ lá ann, a dtóigéaḃṫar an fear núaṗósda uáṫa, agus ann sin do ḋéunaid síad trosgaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 9:15
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin ṫáinig deisceabail Eoin ċuige g‐á ráḋ, Cad ċuige a ndéanaimíd‐ne agus a ndéanann na Fairisíniġ troscaḋ go minic, agus naċ ndéanann do ḋeisceabail‐se troscaḋ?


Agus ní ċuireann aon duine preabán d’éadaċ nua ar ṡean‐ḃrat; óir baineann sé a lán féin as an éadaċ, agus is measa‐de an sracaḋ é.


Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir le luċt na bainise troscaḋ do ḋéanaṁ fad is ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a measc? fad is ḃíos an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair, ní féidir leo troscaḋ do ḋéanaṁ.


Aċt tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéarfar uaṫa an fear nua‐ṗósta; déanfaid troscaḋ an lá sin.


Agus aduḃairt sé leis na deisceablaiḃ, Tiocfaiḋ na laeṫe ’n‐a mbéiḋ siḃ ag tnút le lá aṁáin de laeṫiḃ Ṁic an Duine o’ḟeicsin, agus ní ḟeicfiḋ siḃ é.


Agus aduḃairt Íosa leo, An féidir liḃ a ċur d’ḟiaċaiḃ ar luċt cóisire an ḟir nua‐ṗósta troscaḋ do ḋéanaṁ agus an fear nua‐ṗósta ’n‐a ḃfoċair?


Aċt tiocfaiḋ na laeṫe; agus nuair béarfar uaṫa an fear nua‐ṗósta annsin déanfaid troscaḋ ins na laeṫiḃ sin.


Aċt de ḃriġ gur laḃras na neiṫe sin liḃ, do líon ḃúr gcroiḋe de ḋólás.


An té ag a ḃfuil an ḃainċéile is é an fear nua‐ṗósta é: aċt cara an ḟir nua‐ṗósta atá ’n‐a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, bíonn an‐áṫas air mar ġeall ar ġuṫ an ḟir nua‐ṗósta: d’á ḃriġ sin, an t‐áṫas atá orm‐sa atá sé iomlán.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Ná h‐eitiġiḋ a ċéile, munab de ṫoil a ċéile é ar feaḋ tamaill, ċum go gcromfaiḋ siḃ ar urnaiġe, agus annsin tagaiḋ le ċéile arís, ar eagla go gcuirfeaḋ Sátan caṫú oraiḃ mar ġeall ar neaṁ‐ġeamnaiḋeaċt.


i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe.


Agus aduḃairt sé liom, Scríoḃ, Is beannuiġṫe na daoine fuair cuireaḋ ċum suipéir bainse an Uain. Agus aduḃairt sé liom, Briaṫra fírinneaċa Dé is eaḋ iad so.


Agus do ċonnacas an naoṁ‐ċaṫair, Iarúsalem nua, ag teaċt anuas ó Ḋia as na flaiṫeasaiḃ, í gléasta mar ḃéaḋ bean nua‐ṗósta maisiġṫe fá ċóṁair a fir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ