Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 8:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus aduḃairt Íosa leis, Atá uaċaise ag na sionnaċaiḃ, agus atá neada ag éanlaiṫiḃ na spéire; aċt ní ḟuil ag Mac an Duine áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

20 Agus deir Íosa leis: Tá ploṫógaí ag na sionnaiġ, agus tá neadraċa ag éanaċa an aeir: aċt ag Mac an Duine ní ḟuil áit ar a leagfaḋ sé a ċeann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionaċaiḃ agus neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeaḋ sé a ċeann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus a deir Iósa ris, Atáid fúaċaisiġe ag na sionnċaiḃ, agus neid ag eanlaiṫiḃ a naiéir; aċd ní ḃfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeaḋ sé a ċeann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 8:20
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


Óir, fá mar do ḃí Iónás trí lá agus trí oiḋċe i mbolg an ṁíl ṁóir; mar sin ḃéas Mac an Duine trí lá agus trí oiḋċe i gcroiḋe na talṁan.


Óir atá Mac an an Duine ’n‐a Ṫiġearna ar an tsabóid féin.


Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, An té ċuireas an síol maiṫ, is é Mac an Duine é;


Agus nuair ṫáinig Íosa isteaċ i gcríoċaiḃ Ċaesarea Ṗilib, d’ḟiafruiġ sé d’á ḋeisceablaiḃ, g‐á ráḋ, Cia h‐é adeir na daoine gur Mac an Duine?


Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus ag teaċt anuas ó’n sléiḃ dóiḃ, ṫug Íosa raḃaḋ ḋóiḃ, g‐á ráḋ, Ná h‐innsiġiḋ an raḋarc do ḋuine ar biṫ, nó go n‐aiséiriġiḋ Mac an Duine ó na marḃaiḃ.


Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Óir cibé duine lé’r nár mise agus mo ḃriaṫra i láṫair an ċinéil aḋaltrannaiġ ṗeacaṁla so, buḋ nár le Mac an Duine eisean mar ar gcéadna nuair ṫiocfas sé i nglóir a Aṫar, i n‐éinḟeaċt leis na naoṁ‐aingliḃ.


Agus adeirim liḃ, Cibé duine adṁóċas mise i ḃfiaḋnaise na ndaoine, adṁóċaiḋ Mac an Duine eisean i ḃfiaḋnaise aingeal Dé:


Adeirim liḃ go n‐agarfaiḋ sé go luaṫ. Aċt ċeana, nuair ṫiocfas Mac an Duine, an ḃfaiġiḋ sé creideaṁ ar talaṁ?


Agus is é seo a ċóṁarṫa ḋaoiḃ; Do‐ġeoḃaiḋ siḃ naoiḋeanán, é fillte i n‐éadaiġiḃ agus ’n‐a luiġe i mainséar.


Agus ṫángadar go deifreaċ, agus fuaradar Muire agus Seosaṁ, agus an leanḃ ’n‐a luiġe i mainséar.


Agus rug sí mac, a céad‐ġein; agus d’ḟill sí i n‐éadaiġiḃ é, agus do ċuir sí ’n‐a luiġe i mainséar é, toisc naċ raiḃ sliġe ḋóiḃ sa tiġ ósta.


Aċt biḋiḋ ag faire i gcóṁnaiḋe, agus ag guiḋe, go mbéiḋ sé de neart agaiḃ éalóḋ ó na neiṫiḃ sin uile atá le teaċt, agus seasaṁ i láṫair Ṁic an Duine.


agus Ióhanna bean Ċúsa, feaḋmannaċ loruaiṫ, agus Súsanna, agus mórán eile díoḃ‐san do ḃí ag frioṫáileaṁ air as a ngustal féin.


Agus aduḃairt Íosa leis, Atá pluaiseaċa ag na sionnaċaiḃ, agus atá neadaċa ag éanlaiṫiḃ an aeir; aċt ní ḟuil áit ag Mac an Duine ar a leagfaḋ sé a ċeann.


Agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Do ċífiḋ siḃ na flaiṫis ar ḟoscailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teaċt anuas ar Ṁac an Duine.


D’ḟreagair an sluaġ é, Do ṫuigeamar ó’n dliġe go ḃfanann an Críost de ṡíor: agus adeir tusa go gcaiṫfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine?


Agus nuair do ḃí sé imṫiġṫe amaċ, aduḃairt Íosa, Anois atá Mac an Duine glóiriġṫe, agus atá Dia glóiriġṫe tríd;


Agus ní ḋeaċaiḋ aon duine suas ar neaṁ, aċt an té ṫáinig anuas ó neaṁ, Mac an Duine atá ar neaṁ.


Agus fá mar árduiġ Maois an naṫair niṁe sa ḃfásaċ, caiṫfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma ċéadna:


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


D’á ḃriġ sin aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Muna n‐iṫiḋ siḃ feoil Ṁic an Duine, agus muna n‐ólaiḋ siḃ a ḟuil, ní ḟuil aon ḃeaṫa ionnaiḃ.


Agus dá ḃfeiceaḋ siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?


agus aduḃairt sé, Féaċ, ċím na flaiṫis ar ḟoscailt, agus Mac an Duine ’n‐a ṡeasaṁ ar ḋeasláiṁ Dé.


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ