Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 7:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin críoċnuiġṫe ag Íosa, go ndearna an sluaġ iongnaḋ d’á ṫeagasc:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

28 Agus ṫárla, nuair a ḃí na briaṫra séo críoċnuiġṫe ag Íosa, go raiḃ na sluaiġte ag déanaṁ iongantais dá teagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus do ṫárla nuair a ḃí an ċaint sin críoċnuiġṫe ag Íosa go raiḃ na daoine ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus tárla, an tan do ċríoċnaiġ Iósa na bríaṫrasa, gur ġaḃ úaṫḃas an pubal tré na ṫeagasgsan:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 7:28
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫarla, nuair do ċríoċnuiġ Íosa múineaḋ a ḋáréag deisceabal, gur imṫiġ sé as an áit sin ċum teagasc agus craoḃscaoileaḋ do ḋéanaṁ ’n‐a gcaṫraċaiḃ‐sean.


Agus ṫarla, nuair do ḃí na cóṁráiḋte sin críoċnuiġṫe ag Íosa, gur imṫiġ sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteaċ i gcríoċaiḃ lúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán;


Agus nuair do‐ċuala na sluaiġte é, do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc.


Agus ṫarla, nuair do ḃí na briaṫra sin go léir críoċnuiġṫe ag Íosa, go nduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ,


agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa, agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus do ṫuit sé: agus ba éaċtaċ é a ṫuitim.


óir do ṫeagaisc sé iad aṁail duine ag a raiḃ uġdarás, munarḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe.


Agus do ċuir a ṫeagasc iongnaḋ orṫa: óir do ṫeagaisc sé iad mar ḋuine ag a raiḃ uġdarás, níorḃ ionann agus na scríoḃaiḋṫe é.


Agus do‐ċuala uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe é, agus do ḃíodar ag iarraiḋ caoi d’ḟáġáil le n‐a ṁilleaḋ: óir do ḃí eagla orṫa roiṁe, de ḃriġ go ndearna an sluaġ uile iongnaḋ d’á ṫeagasc.


Agus nuair ṫáinig an tsabóid, do ṫosnuiġ sé ar ṫeagasc do ḋeanaṁ sa tsionagóig: agus ṫáinig iongnaḋ ar a lán díoḃ‐san do ḃí ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Cá ḃfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugaḋ do’n ḟear so, agus a ráḋ go ndéantar a leiṫéide d’oibreaċaiḃ móra tré n‐a láṁaiḃ?


agus do ċinn orṫa cuiṁniú ar cad do‐ġéanaidís; óir do ḃí na daoine go léir ag greamú ḋó, ag éisteaċt leis.


agus ba ṁór an t‐iongnaḋ do ḃí orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis, a ṁeaḃair agus na freagraí ṫug sé.


Agus ṫugadar go léir an‐aire ḋó, agus do‐rinneadar iongnaḋ de ġrás na mbriaṫar ṫáinig ó n‐a ḃéal; agus aduḃradar, Naċ é mac Ṡeosaiṁ é seo?


agus do‐rinneadar iongnaḋ d’á ṫeagasc, de ḃriġ gur laḃair sé as cainnt uġdarásaiġ.


Agus nuair do ḃí a ḃriaṫra go léir críoċnuiġṫe aige i n‐éisteaċt na ndaoine, do ċuaiḋ sé isteaċ i gCafarnaúm.


Agus do ḃí iongnaḋ ar na h‐Iúdaċaiḃ, agus aduḃradar, Cionnas fuair an fear so léiġeann agus nár ḟoġlaim sé riaṁ?


D’ḟreagair na maoir, Níor laḃair aon duine riaṁ mar laḃrann an fear so.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ