Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 7:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa, agus naċ gcuireann i ngníoṁ iad, saṁlóċar eisean le duine gan ċéill do ṫóg a ṫeaċ ar an ngainiṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

26 Agus gaċ duine a ċluineas na briaṫra seo agam-sa, agus naċ ndéan dá réir, béiḋ sé cosaṁail le fear amaideaċ a ṫóg a ṫeaċ ar an ġainiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus gaċ duine a ċloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beiḋ sé ar nós an amadáin a ḋein a ṫiġ ar an ngainiṁ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus gaċ uile neaċ do ċlúin mo ḃríaṫrasa, agus naċ ccoiṁlíonann íad, saiṁléoċṫar é lé duine leaṁ, neaċ do ṫógaiḃ a ṫiġ air ġaineaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 7:26
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

D’á ḃriġ sin, gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa agus ċuireas i ngníoṁ iad, saṁlóċar é le duine ciallṁar do ṫóg a ṫeaċ ar an gcarraig:


agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa; agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus níor ṫuit sé; mar do ḃí sé tógṫa ar an gcarraig.


agus do ṫuit an ḟearṫainn, agus ṫáinig na tuilte, agus do ṡéid na gaoṫa, agus do ḃuaileadar i gcoinniḃ an tiġe sin; agus do ṫuit sé: agus ba éaċtaċ é a ṫuitim.


Aċt an té éisteas, agus naċ ndéanann, is cosṁail eisean le fear do ṫóg teaċ ar an gcré gan bun faoi; agus gur ḃuail an tuile ’n‐a ċoinniḃ, agus do ṫuit sé ar an láṫair; agus ba ṁór é tuitim an tiġe sin.


Aċt, a ḋuine diċéilliḋe, an toil leat a ḟoġlaim gur niḋ gan éifeaċt an creideaṁ gan gníoṁarṫa?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ