Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 6:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ ag siollaireaċt cainnte ar nós na bPágánaċ, gur dóiġ leo go n‐éistfear leo as méid a mbíonn le ráḋ aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus ag guiḋe díḃ, ná déanaigiḋ mórán cainnte, mar ġní na págánaiġ: óir síleann siad-san gur as méid a gcuid cainnte a éistfear leo.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 I nḃúr nguiḋe, áṁṫaċ, ná deiniḋ mórán cainte, mar a ḋeinid na págánaiġ; óir is dóiġ leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċd ċeana ag déunaṁ urnuiġe ḋáoiḃ, na biṫi roċainnteaċ, mar na cineaḋaċa: óir saoíliḋ síad go neisdfiḋṫear riu anna a niomad bríaṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 6:7
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


Agus d’ḟág sé arís iad, agus do‐rinne sé guiḋe an treas uair, agus é ag aṫ‐ráḋ na ḃfocal céadna.


Óir is iad sin na neiṫe go mbíonn tóir ag na Págánaċaiḃ orṫa; óir is eol d’ḃúr nAṫair neaṁḋa go ḃfuil gáḃaḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin go léir.


Aċt ní túisce ċonnacadar gur Iúdaċ é, ’ná ġlaoḋadar go léir d’aon ġáir aṁáin ar feaḋ ḋá uair an ċluig, nó mar sin, Is mór í Diana na nEiféiseaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ