Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 6:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Aċt loirgiḋ ar dtús ríoġaċt Dé agus a ḟíréantaċt, agus do‐ḃéarfar daoiḃ sa mbreis na neiṫe sin go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

33 Ar an aḋḃar sin, iarraigiḋ ar dtús ríoġaċt Dé, agus a ḟíréanaċt: agus ḃéarḟar díḃ, le n-a ċois sin, na neiṫe seo uilig.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Loirgiḋ ar dtúis, d’á ḃríġ sin, ríġeaċt Dé agus a ḟíoraontaċt, agus taḃarfar daoiḃ, leis, na neiṫe sin go léir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

33 Aċd íarruiġ ar tús flaiṫeas Dé, agus a ḟiréuntaċdsan; agus teilfiḋṫear na neiṫesi uíle ċugaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 6:33
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus duḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, nuair ṡuiḋfeas Mac an Duine i gcaṫaoir a ġlóire, san aiṫ‐ġeineaṁain, siḃ‐se do lean mé, suiḋfiḋ siḃ ar ḋá ċaṫaoir déag, ag breiṫ breiṫe ar ḋá ṫreiḃ déag Israel.


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe, óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


As sin amaċ do ṫosnuiġ Íosa ar ṡeanmóir, g‐á ráḋ, Déanaiḋ aiṫriġe: óir atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas druidṫe liḃ.


Is aoiḃinn dóiḃ‐sean ar a ḃfuil ocras agus tart ċum fíréantaċta, mar do‐ġeoḃaid a sáit.


Agus do ḃíodar, beirt, fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, ag siuḃal gan loċt de réir gaċ aiṫne agus reaċta an Tiġearna.


Aċt loirgiḋ a ríoġaċt‐san, agus do‐ḃéarfar na neiṫe sin daoiḃ sa mbreis.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Agus féaċ, anois, atá a ḟios agam naċ ḃfuil duine agaiḃ, gur ṡiuḃlas ’n‐ḃúr measc ag craoḃscaoileaḋ na ríoġaċta, ḟeicfeas mo ġnúis arís.


ag craoḃscaoileaḋ ríoġaċta Dé, agus ag múineaḋ le dánaċt na neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.


Óir is ann foillsiġtear fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ ċum creidiṁ: mar tá scríoḃṫa, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan.


Óir, ar mbeiṫ gan eolas ar ḟíréantaċt Dé ḋóiḃ, agus iad d’iarraiḋ a ḃfíréantaċt féin do ḃunaḋ, níor uṁluiġeadar d’ḟíréantaċt Dé.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


Créad adéarfaimíd annsin i dtaoḃ na neiṫe sin? Má tá Dia i bpáirt linn, cia ḃéas ’n‐ár n‐aġaiḋ?


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Óir is liḃ‐se an uile niḋ; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoġal, nó beaṫa, nó bás, nó neiṫe atá de láṫair, nó neiṫe atá le teaċt; is liḃ‐se iad uile;


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


agus go ḃfaiġfiḋe mé ann, gan fíréantaċt dem’ ċuid féin ḃeiṫ agam, fíréantaċt ó’n dliġe, aċt an ḟíréantaċt ṫig ó Ḋia tré ċreideaṁ;


Cóṁarṫa ceart‐ḃreiṫeaṁnais Dé is eaḋ é; ionnas go measfaiḋe gur fiú siḃ ríoġaċt Dé, go ḃfuil siḃ ag fulang ar a son:


Agus déan cleaċtaḋ ar an diaḋaċt: óir is beag an tairḃe atá i n‐aclaiḋeaċt cuirp; aċt atá tairḃe le h‐aġaiḋ an uile niḋ san diaḋaċt, mar tá innti geallaṁain na beaṫaḋ atá ann anois, agus atá le teaċt.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ