Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 6:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Agus cia agaiḃ d’ḟéadfaḋ, le méid a imniḋe, bannláṁ aṁáin do ċur le n‐a aoirde féin?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

27 Agus cé agaiḃ, le meaḃruġaḋ, a dtig leis aon ḃannláṁ aṁáin a ċur le n-a áirde?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Cé’cu agaib-se, ag maċtnaṁ dó air, d’ḟéadfaḋ aon ḃanláṁa aṁáin do ċur le n-a aoirde?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Agus cía agaiḃ lé na iomad curium ḟéadas áonḃannlaṁ do ċur lé na aírde féin?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 6:27
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ná dearḃuiġ dar do ċeann, mar ní ḟuil ar ċumas duit ribe ḋe do ḋéanaṁ geal ná duḃ.


D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, mar ġeall ar a n‐íosaiḋ siḃ, nó mar ġeall ar a n‐ólfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, mar ġeall ar an gclúdaċ ḃéas oraiḃ. Naċ mó an t‐anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t‐éadaċ?


Agus cad ċuige ḋaoiḃ imniḋe ḃeiṫ oraiḃ i dtaoḃ éadaiġ? Breaṫnuiġiḋ lilí an ḃáin, cionnas ḟásas siad; ní ḋéanaid saoṫar, agus ní ḋéanaid sníoṁ:


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ, d’á ḃriġ sin, agus siḃ g‐á ráḋ, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóċar sinn?


D’á ḃriġ sin, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ an lae amáraċ: óir béiḋ a ċúram féin ar an lá amáraċ. Ní beag do’n lá a ċion féin de’n olc.


Aċt d’ḟreagair an Ṫiġearna agus aduḃairt sé léi, A Ṁarta, a Ṁarta, atá a lán neiṫe ag cur imniḋe agus buaiḋearṫa ort:


Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:


Agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, créad íosfas siḃ; ’ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, créad ċuirfeas siḃ oraiḃ.


Aċt is aṁlaiḋ do ċuir Dia na baill san gcorp, gaċ ball díoḃ do réir a ṫola féin.


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.


ag cur ḃur gcúraim uile air, óir ḃeireann se féin aire ḋaoiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ