Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 6:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Ná soláṫruiġiḋ stór daoiḃ féin ar an talaṁ so, mar a milleann an leaṁan agus an ṁeirg é, agus mar a mbíonn biṫeaṁnaiġ ag briseaḋ isteaċ agus ag goid:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Ná taiscigiḋ sṫór díḃ ḟéin ar an talaṁ, mar a n-iṫeann an ṁeirg agus an léaḋmán, agus mar a dtoċlann agus a ngoideann gadaiḋṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Ná cúṁdaiġiḋ stór daoiḃ fein ar an dtalaṁ so, mar a ndeinid na leóṁain agus an ṁeirg é ḋ’ídiú, agus mar a ndeinid na biṫeaṁnaiġ é ṫóċ agus é ġuid.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Na cruinniġiḋ ionnṁas ar an ttalaṁ, mar a ttrúaillean an léoġan agus an ṁeirg é, agus mar a ttoċlaid agus mar a ngoidid na bioṫaṁnuiġ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 6:19
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt Íosa leis, Má’s maiṫ leat ḃeiṫ gan loċt, imṫiġ, díol a ḃfuil agat, agus taḃair a luaċ do na boċtaiḃ, agus béiḋ maoin ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


aċt soláṫruiġiḋ stór ar neaṁ, an áit naċ mbíonn an leaṁan agus an ṁeirg ag milleaḋ, agus naċ mbíonn biṫeaṁnaiġ ag briseaḋ isteaċ agus ag goid:


Mar sin do’n té ċruinniġeas stór dó féin, agus naċ ḃfuil saiḋḃreas i nDia aige.


Díolaiḋ a ḃfuil agaiḃ, agus taḃraiḋ déirc; déanaiḋ ḋaoiḃ féin sparáin naċ gcaiṫfear le h‐aois, stór ins na flaiṫeasaiḃ naċ n‐ídeoċar, san áit naċ ndruideann gadaiḋe i n‐aice leis, agus naċ milleann an leaṁan ann.


Aċt biḋiḋ cinnte ḋe seo, dá mbéaḋ a ḟios ag fear an tiġe cia an uair a ḃí an gadaiḋe le teaċt, go ndéanfaḋ sé faire, agus naċ leigfeaḋ sé a ṫeaċ do ḃriseaḋ.


Agus nuair do‐ċuala Íosa é sin, aduḃairt sé leis, Atá aon niḋ aṁáin i n‐easnaṁ ort fós: díol a ḃfuil agat, agus taḃair do na boċtaiḃ é, agus béiḋ ionnṁas ar neaṁ agat: agus tar, lean mise.


Agus nuair do ċonnaic Íosa é, aduḃairt sé, Cad é a ḋeacraċt do luċt saiḋḃris dul isteaċ i ríoġaċt Dé!


Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta:


Biḋiḋ saor ó ġráḋ an airgid; sásta leis an méid atá agaiḃ: óir aduḃairt sé féin, Ní ċlisfead ort, agus ní ṫréigfead go deo ṫú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ