Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 6:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

16 Agus nuair a ġní siḃ troscaḋ, ná bígiḋ gruamḋa ar nós na mbréagċráiḃṫeaċ: óir dorċuiġeann siad-san a n-aiġṫe, ċun go mba léir do ḋaoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ troscaiḋ. Amén adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáiġte acu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus nuair a ḃeiḋ siḃ ag déanaṁ trosgaiḋ ná bíḋiḋ gruamḋa ar nós na ḃfeallairí; óir doirċiġid siad a gceannaċa, i dtreó go saṁlóċaḋ na daoine iad a ḃeiṫ ag déanaṁ trosgaiḋ. Go deiṁin adeirim liḃ, tá a dtuarasdal fáġalta acu.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus an tan do niṫi trosgaḋ, na biḋiḋ grúama, mar luċd an ḟúarċraḃáiḋ: óir dorċuiḋid siád a naiġṫe, do ċum go maḋ follus dona dáoiniḃ iád do ṫrosgaḋ. A deirimsi riḃ go fírrineaċ, Go ḃfuil a ttúarasdal aca.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 6:16
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Seaċnaiḋ agus ná déanaiḋ ḃúr ndeaġ‐ġníoṁarṫa i ḃfiaḋnaise na ndaoine i dtreo go ḃfeicfidís siḃ, nó ní ḃéiḋ aon luaċ saoṫair le fáġáil agaiḃ ó ḃúr nAṫair atá ar neaṁ.


Ar an aḋḃar sin, nuair ḃíos tú ag taḃairt déirce, ná séid aon aḋarc róṁat, mar do‐ġní luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ ins na sionagógaiḃ agus ar na sráidiḃ, d’ḟonn onóir d’ḟáġáil ó na daoiniḃ. Go fírinneaċ adeirim liḃ go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus nuair ḃíos siḃ ag déanaṁ urnaiġe, ná biḋiḋ mar luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ, gur maiṫ leo urnaiġe do ḋéanaṁ agus iad ’n‐a seasaṁ ins na sionagógaiḃ agus ag cúinniḃ na sráideann, ċum go ḃfeicfeaḋ na daoine iad. Go fírinneaċ adeirim liḃ, go ḃfuil a luaċ saoṫair fáġálta aca.


Agus do ḃí deisceabail Eoin agus na Fairisíniġ ag déanaṁ troscaiḋ: agus ṫángadar‐san agus aduḃradar leis, Cad ċuige a ndéanann deisceabail Eoin agus na ḃFairisíneaċ troscaḋ, agus naċ ndéanann do ḋeisceabail‐se troscaḋ?


Do‐ġním troscaḋ ḋá uair sa tseaċtṁain, íocaim an deaċṁaḋ ar gaċ a ḃfaġaim.


agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


Agus aduḃairt Cornélius, Ceiṫre lá ó ṡoin, go dtí an uair seo, do ḃíos ag guiḋe ar an naoṁaḋ h‐uair im’ ṫiġ: agus féaċ, do ḃí fear ’n‐a ṡeasaṁ im’ ḟiaḋnaise agus éadaċ geal air,


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Ná h‐eitiġiḋ a ċéile, munab de ṫoil a ċéile é ar feaḋ tamaill, ċum go gcromfaiḋ siḃ ar urnaiġe, agus annsin tagaiḋ le ċéile arís, ar eagla go gcuirfeaḋ Sátan caṫú oraiḃ mar ġeall ar neaṁ‐ġeamnaiḋeaċt.


i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe.


i gcruaḋtan, i riaċtanas, i ngéiḃeann, i mbuilliḃ, i bpríosúnaiḃ, i n‐aċrannaiḃ, i ndian‐tsaoṫar, i ḃfaireaċán, i dtroscaiḋiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ