Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:48 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Caiṫfiḋ siḃ, d’á ḃriġ sin, ḃeiṫ gan loċt, fá mar atá ḃúr nAṫair neaṁḋa gan loċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

48 Dá ḃríġ sin, bígiḋ sár-ṁaiṫ, díreaċ mar atá ḃur n-Aṫair neaṁḋa sár-ṁaiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Bíḋiḋ-se, d’á ḃríġ sin, fíor-ṁaiṫ, fé mar atá ḃúr n-Aṫair ins na flaṫais fíor-ṁaiṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

48 Ar a naḋḃarsin bíḋiḋsi deangṁálta, mar atá ḃur Naṫair atá air neaṁ deangṁálta.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:48
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.


Agus muna mbeannuiġeann siḃ aċt do ḃúr mbráiṫriḃ aṁáin, créad do‐ġní siḃ sa mbreis ar ċáċ? Naċ ndéanann na págánaiġ féin é sin?


Biḋiḋ trócaireaċ, d’á ḃriġ sin, fá mar atá ḃúr nAṫair trócaireaċ.


Ní ḟuil an deisceabal os cionn a ṁáiġistir: aċt an té atá diongḃálta béiḋ sé mar a ṁáiġistir.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Agus leigiḋ do’n tseasṁaċt a toraḋ do ṫaḃairt ċum críċe, ċum go raiḃ siḃ lán‐ḟoirḃṫe, iomlán, gan éinniḋ ḃeiṫ i n‐easnaṁ oraiḃ.


Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ