Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Aċt bíoḋ mar ċainnt agaiḃ, Is eaḋ, is eaḋ; Ní h‐eaḋ, ní h‐eaḋ: agus cibé niḋ ṫéiġeas ṫairis sin, is ó’n olc é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

37 Aċt bíoḋ seaḋ, seaḋ: ní h-eaḋ, ní h-eaḋ, mar ċainnt agaiḃ: óir cibé níḋ a ḃíos níos déine ná iad sin, is ó’n olc é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Aċ abraiḋ, Seaḋ, ’seaḋ; Ní h-eaḋ, ní h-eaḋ. An rud a ṫéiġeann ṫairis sin is ó’n olc é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

37 Aċd go maḋ é ḃús coṁráḋ ḋáoiḃ, A seaḋ, a seaḋ; Ni heaḋ, ni heaḋ: aċd giḋ bé ní ḃías as a gcionn so is ó nolc atá sé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:37
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal;


Óir is as an gcroiḋe amaċ ṫig droċ‐smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltrannas, scriapaċas, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise éiṫiġ, dia‐ṁaslaḋ:


Ná dearḃuiġ dar do ċeann, mar ní ḟuil ar ċumas duit ribe ḋe do ḋéanaṁ geal ná duḃ.


agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc.


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoġal, aċt iad do ċosaint ar an olc.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


Uime sin, ag diúltaḋ do’n ḃréagaireaċt, laḃraḋ gaċ duine agaiḃ an ḟírinne le n‐a ċóṁarsain: óir is baill d’á ċéile sinn;


ṫar gaċ rud eile glacaiḋ sciaṫ an ċreidiṁ le n‐a ḃféadfaiḋ siḃ gaṫanna loiscneaċa uile an ainspioraid do ṁúċaḋ.


Ná laḃraiḋ bréag le ċéile; ó tá an seanduine agus a ġníoṁarṫa curṫa ḋíḃ agaiḃ,


Bíoḋ salann an ġrása mar ḃlás ar ḃur gcainnt, ċum go mb’ eol daoiḃ freagra do ṫaḃairt do gaċ aoinneaċ.


Aċt atá an Tiġearna creideaṁnaċ; is é ḋaingneoċas siḃ agus ċoiṁeádfas slán ó’n ainspiorad siḃ.


Aċt ṫar gaċ niḋ, a ḃráiṫre, ná taḃraiḋ mionn ar biṫ, ag dearḃú ar neaṁ, nó ar ṫalaṁ, nó ar aon niḋ eile: aċt abraiḋ, Is eaḋ, aṁáin, nó, Ní h‐eaḋ, le fíre, gan tuilleaḋ do ráḋ, ar eagla go dtuitfeaḋ siḃ fá ḃreiṫeaṁnas.


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair.


ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.


Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ