Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:30 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr ḋíot í, agus caiṫ uait í; óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

30 Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ina cúis ṗeacaiḋ agat, gearr díot í, agus teilg uait í: óir is feárr duit aon ḃall de do ċuid a ḋul amuġa, ná dá dtéiġeaḋ do ċorp uilig go h-ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus ma’s trúig ṗeacṫa ḋuit do láṁ ḋeas, gearr anuas díot í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċorp go léir a ḋul go h-ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

30 Agus má ḃeir do láṁ ḋeas sgannail ḋuit, gear ḋiot í, agus teilg uait í: óir is fear ḋuit áonḃall dod ḃallaiḃ do ḋul a múġa, na do ċorp uile ṫeilgean go hifearn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:30
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa.


aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ.


Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


Agus má ḃeir do láṁ nó do ċos aḋḃar scannail duit, gearr díot í, agus caiṫ uait í: is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ nó ar leaṫ‐ċois, ’ná do ḋá láiṁ agus do ḋá ċois do ḃeiṫ agat agus ṫú ċaiṫeaṁ sa teiniḋ ṡíorraiḋe.


Aċt níor ḟan focal ’n‐a ḃéal aige. Annsin aduḃairt an rí leis an luċt freastail, Ceanglaiḋ a láṁa agus a ċosa, agus teilgiḋ amaċ é sa dorċaċt amuiġ; an áit ’n‐a mbéiḋ gol agus gíoscán fiacal.


Agus an té fuair na cúig tallanna, ṫáinig sé agus ṫug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus aduḃairt, A ṫiġearna, ṫugais cúig tallanna ḋom: féaċ, atá cúig tallanna eile gnóṫuiġṫe agam.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Do‐ġeoḃaiḋ siḃ uile scannal ionnaim‐se anoċt: óir atá scríoḃṫa, Buailfead an t‐aoḋaire, agus scaipfear caoiriġ an tréada.


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.


Agus má ḃíonn do láṁ ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr díot í; is fearr duit dul isteaċ sa mbeaṫaiḋ ar leaṫ‐láiṁ, ’ná an dá láiṁ do ḃeiṫ agat agus dul síos go h‐ifreann; sa teiniḋ naċ múċtar.


Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean.


Ba ṁaiṫ ḋó dá gcroċtaiḋe bró muilinn ar a ṁuineál, agus dá gcaiṫtiḋe é isteaċ sa ḃfairrge, ’ná go scannlóċaḋ sé duine de’n ṁuinntir ḃig seo.


fá mar tá scríoḃṫa, Féaċ, cuirim i Síon ceap tuisliḋ agus carraig scannail, Agus cibé ċreideas ann, ní náireoċar é.


D’á ḃriġ sin, má ḃeir biaḋ aḋḃar scannail dom’ ḃráṫair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuisliḋ roiṁ mo ḃráṫair.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, má táim ag fógraḋ an timċeall‐ġearrṫa fós, cad ċuige a ḃfuil géirleanaṁain d’á déanaṁ orm fós? Ins an gcás sin atá deireaḋ déanta de ċeap tuisliḋ na croise.


Agus, Cloċ tuisliḋ, agus carraig scannail; óir tuisliġeann siad ar an mbriaṫar, toisc iad ḃeiṫ easuṁal dó: agus is é do ḃí i ndán dóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ