Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Uime sin, má ḃíonn do ṡúil ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, srac amaċ í agus caiṫ uait í: óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

29 Agus má ḃíonn do ṡúil ḋeas ina cúis ṗeacaiḋ agat, stróc amaċ í, agus teilg uait í: óir is ḟeárr duit aon ḃall de do ċuid a ḋul amuġa, ná dá dteilgṫí do ċorp uilig isteaċ go h-ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

29 D’á ḃríġ sin, má’s trúig ṗeacṫa ḋuit do ṡúil ḋeas, strac amaċ í agus caiṫ uait í; óir is fearra ḋuit ball de d’ḃallaiḃ do ċailleaṁaint ’ná do ċolann go léir a ċur go h-ifreann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Ar a naḋḃarsin mas cionntaċ do ṡúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear ḋuit aónḃall dod ḃallaiḃ do ḋul a múġa, na do ċorp uile do ṫeilgean go hifearn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:29
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.


Agus is beannuiġṫe an té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnam‐sa.


Óir cad é a ṫairḃe do ḋuine dá ngnóṫuiġeaḋ sé an doṁan go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain? nó cad í an ṁalairt ḋéanfas duine ar a anam féin?


Aċt, an eagla go dtiuḃraimís scannal dóiḃ, imṫiġ‐se ċum na fairrge, agus caiṫ duḃán, agus tóg an ċéad iasc ṫiocfas aníos; agus nuair ḟosclóċas tú a ḃéal, do‐ġeoḃair píosa airgid ann: glac é sin, agus taḃair ḋóiḃ‐sean é ar mo ṡon‐sa agus ar do ṡon féin.


Óir atá coillteáin ann do rugaḋ mar sin ó ḃroinn a máṫar: agus atá coillteáin ann gur ċoill daoine iad: agus atá coillteáin ann do ċoill iad féin ar son ríoġaċta na ḃflaiṫeas. An té gur féidir leis a ġlacaḋ, glacaḋ.


Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir taistealann siḃ muir agus tír ċum cóṁalta creidiṁ aṁáin do ḋéanaṁ; agus nuair éiriġeann liḃ, do‐ġní siḃ mac ifrinn de níos ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin.


A ṗiasta, a ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas éalóċas siḃ ó ḋaor‐ḃreiṫ ifrinn?


Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.


Agus má ḃíonn do láṁ ḋeas ’n‐a h‐aḋḃar scannail duit, gearr ḋíot í, agus caiṫ uait í; óir is fearr duit ball aṁáin ded’ ḃallaiḃ do ċailleaṁain ’ná go gcuirfiḋe do ċolann ar fad i n‐ifreann.


Óir cad é an tairḃe do ḋuine, dá ngnóṫuiġeaḋ sé an saoġal go h‐iomlán, agus a anam do ċailleaṁain?


Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean.


mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta;


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


áċt buailim mo ċolann féin, agus cuirim fá smaċt í, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go ndiúltóċaiḋe ḋom féin, ṫar a éis dom ḃeiṫ ag seanmóiriú do ḋaoiniḃ eile.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ