Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Cibé duine atá i ḃfeirg le n‐a ḃráṫair, béiḋ seisean cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas; agus cibé duine adéarfas, Racá, le n‐a ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n Árd‐ċóṁairle, agus cibé duine adéarfas, A ṗleiḋce, béiḋ teine Gehenna tuillte aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

22 Aċt ḋeirim-se liḃ: cibé a mbíonn fearg air le n-a ḋear-ḃráṫair, béiḋ sé cionntaċ do’n ḃreiṫeaṁnas. Agus cibé a déarfas le n-a ḋearḃráṫam, Raca, béiḋ sé cionntaċ ḋo’n ċóṁairle. Agus cibé a déarḟas, a amadáin, béiḋ sé cionntaċ do ṫeiniḋ ifrinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Aċd a deirimsi riḃ, Gaċ neaċ do ní fearg re na ḋearḃráṫair gan aḋḃar buḋ cionntaċ don ḃreiṫeaṁnus é: agus gíoḋ bé neaċ a déaruiḋ ré na ḋearḃráṫair, Raca, buḋ cionntaċ do ḃreiṫ na coṁairle é: agus gioḋ bé a déaruiḋ, A amadain, buḋ cionntaċ é do ṫeiniġ ifeirn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:22
93 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt seaċnaiḋ siḃ féin ar na daoiniḃ: óir do‐ḃéaraiḋ siad ar láiṁ siḃ do na cóṁairliḃ, agus sciúrsálfaiḋ siad siḃ ’n‐a sionagógaiḃ;


Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.


Aċt nuair do‐ċuala na Fairisíniġ é, aduḃradar, Ní ċaiṫeann an fear so na deaṁain amaċ aċt tré Ḃelsibub, prionnsa na ndeaṁan.


Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Annsin ṫáinig Peadar ċuige, agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, Créad a ṁionca ḋéanfas mo ḃráṫair coir im’ aġaiḋ, agus go maiṫfead dó é? seaċt h‐uaire, an eaḋ?


Agus is mar sin ḋéanfas m’Aṫair neaṁḋa ḋaoiḃ‐se, muna maiṫfiḋ gaċ aon duine agaiḃ d’á ḃráṫair ó ċroiḋe.


Is mairg daoiḃ, a scríoḃaiḋṫe agus a Ḟairisíneaċa, a luċt an ḟuar‐ċráḃaiḋ! óir taistealann siḃ muir agus tír ċum cóṁalta creidiṁ aṁáin do ḋéanaṁ; agus nuair éiriġeann liḃ, do‐ġní siḃ mac ifrinn de níos ḋá ṁeasa ’ná siḃ féin.


A ṗiasta, a ṡlioċt na naṫraċ niṁe, cionnas éalóċas siḃ ó ḋaor‐ḃreiṫ ifrinn?


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an árd‐ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise ḃréige d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa, go ndaorfaidís ċum báis é;


agus, féaċ, guṫ ó neaṁ, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas.


aċt adeirim‐se liḃ gan dearḃú ar ċor ar biṫ; gan dearḃú dar neaṁ, mar is í ríoġ‐ċaṫaoir Dé í;


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus an ċóṁairle uile ag iarraiḋ fiaḋnaise d’ḟáġáil i n‐aġaiḋ Íosa le n‐a ċur ċum báis; agus ní ḟuaradar í.


Agus go moċ ar maidin, do ċuaiḋ uaċtaráin na sagart i ndáil cóṁairle leis na seanóiriḃ, agus leis na scríoḃaiḋṫiḃ agus leis an gcóṁairle iomláin, agus do ċeangladar Íosa, agus do rugadar leo é, agus ṫugadar do Ṗíoláid é.


Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean.


Agus nuair ṫáinig an lá, do ċruinniġ seanóirí an ṗobail le ċéile, idir uaċtaránaiḃ na sagart agus na scríoḃaiḋṫiḃ; agus ṫugadar eisean isteaċ ’n‐a n‐árd‐ċóṁairle,


Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal.


Aċt ċuige sin ṫarla, ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar atá scríoḃṫa ’n‐a ndliġe, Ṫugadar fuaṫ ḋom gan ċúis.


D’ḟreagair an sluaġ agus aduḃradar, Deaṁan atá ionnat: cia atá ag iarraiḋ ṫú do ṁarḃaḋ?


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ agus aduḃradar leis, Naċ maiṫ adeirimíd é gur Samáritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnat?


Agus do ḃíoḋ cuid d’ḟeallsaṁnaiḃ na nEpicúraċ agus na Stóiceaċ ag conspóid leis. Agus aduḃairt cuid aca, Créad atá le ráḋ ag an duine cainnteaċ so? Aduḃairt cuid eile, Is cosṁail gur duine é atá ag fógairt déiṫe coiṁiġṫeaċ: toisc go raiḃ sé ag innsint i dtaoḃ Íosa agus i dtaoḃ an aiséirġe.


Aċt lá ar n‐a ḃáraċ, ó ba ṁian leis a ḟios d’ḟáġáil go cruinn, créad do ḃí ag na h‐Iúdaċaiḃ d’á ċur ’n‐a leiṫ, do scaoil sé é, agus d’órduiġ sé do na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus do’n árd‐ċóṁairle uile teaċt le ċéile, agus ṫug sé Pól amaċ, agus ċuir sé os a gcóṁair é.


Annsin, d’ḟéaċ Pól go grinn ar an árd‐ċóṁairle, agus aduḃairt sé, A ḃráiṫreaċa, do ċaiṫeas mo ṡaoġal i ḃfiaḋnaise Dé le deaġ‐ċoinsias glan go dtí an lá so.


Nó abraidís féin cia an fuara éagcóirdar, nuair ḃíos im’ ṡeasaṁ i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle,


Aċt nuair d’órduiġeadar dóiḃ imṫeaċt as an árd‐ċóṁairle, do ċuireadar a gcóṁairle féin fá ċéile,


Agus ar n‐a ċlos sin dóiḃ, do ċuadar isteaċ san teampall le breacaḋ an lae, agus do ḃíodar ag teagasc. Aċt ṫáinig an t‐árd‐ṡagart agus siad‐san do ḃí ’n‐a ḟoċair, agus do ċruinniġeadar an árd‐ċóṁairle agus seanóirí clainne Israel, agus ċuireadar teaċtaí ċum an ṗríosúin, go dtaḃarfaiḋe cuca iad.


Agus nuair ṫugadar iad, do ċuireadar ’n‐a seasaṁ iad i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle. Agus do ċeistiġ an t‐árd‐ṡagart iad, g‐á ráḋ,


Agus do ġríosadar ar an gcuma sin an pobal, agus na seanóirí, agus na scríoḃaiḋṫe, agus ṫugadar ruaṫar faoi, agus rugadar air, agus ṫugadar isteaċ i láṫair na h‐árd‐ċóṁairle é,


Agus do ḃí súile a raiḃ san árdċóṁairle ag dearcaḋ go grinn air, agus do ċonnacadar a ġnúis mar ḃéaḋ gnúis aingil.


Is é an Maois sin aduḃairt le clainn Israel, Tógfaiḋ Dia suas fáiḋ mar mise ḋaoiḃ as lár ḃúr mbráiṫreaċ.


Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra;


ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt.


Aċt is aṁlaiḋ ḃíos bráṫair ag dul ċum dliġe le bráṫair eile, agus sin i láṫair daoine gan creideaṁ.


gan a ḃráṫair do ṁeallaḋ nó do ṡárú san gcás so: óir agrann an Tiġearna díoġaltas i ngaċ cás d’á leiṫéidiḃ sin, do réir mar ṫugamar raḃaḋ agus fógra ’n‐a dtaoḃ ḋaoiḃ ċeana.


gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.


Taḃraiḋ aire gan eiteaċ do ṫaḃairt do’n té laḃras. Óir muna dtáinig an dream slán do ḋiúltuiġ do’n té ṫug raḃaḋ dóiḃ ar talaṁ, is luġa‐de ṫioċfaimíd‐ne slán má ṫugaimíd cúl do’n té do‐ḃeir raḃaḋ ó neaṁ anuas:


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Aċt, a ḋuine diċéilliḋe, an toil leat a ḟoġlaim gur niḋ gan éifeaċt an creideaṁ gan gníoṁarṫa?


Agus is teine an teanga: doṁan na h‐éagcóra atá suiḋte i measc ár mball is eaḋ an teanga, ag salú an ċuirp ar fad, agus ag cur cúrsa ár saoġail tré ṫeiniḋ, agus í d’á lasaḋ féin ó ifreann.


Nuair do cáineaḋ é, ní ḋearna sé aṫċáineaḋ; nuair d’ḟulaing sé, ní ḋearna sé bagairt; aċt do ċuir sé é féin fá ċuṁdaċ an té do‐ḃeir breiṫeaṁnas ceart:


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


An té adeir go ḃfuil sé san tsolas, agus fuaṫ ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is san dorċadas atá sé, agus é ag siuḃal san dorċadas go dtí anois féin.


Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.


Má ċíonn aoinneaċ a ḃráṫair ag déanaṁ peacaiḋ naċ ḃfuil ċum báis, iarrfaiḋ sé, agus ḃéarfaiḋ Dia beaṫa ḋó le h‐aġaiḋ na ndaoine naċ ndéanann peacaḋ ċum báis. Atá peacaḋ ċum báis ann; ní abraim go mba ċeart dó guiḋe ar a ṡon sin.


Aċt Miċeál árd‐aingeal, ag conspóid leis an diaḃal dó, ag aiġneas fá ċorp Ṁaoise, níor láṁ sé a ċúisiú go masluiġṫeaċ, aċt aduḃairt, Go smaċtuiġiḋ an Tiġearna ṫú.


Agus do teilgeaḋ an bás agus Hádes amaċ i loċ na teineaḋ. Is é seo an dara bás.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ