Maitiú 5:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)18 Óir adeirim liḃ go fírinneaċ, Nó go dtéiḋ neaṁ agus talaṁ ar neaṁ‐niḋ, ní raċaiḋ aon ġiota ná aon ṗonnc de’n dliġe ar neaṁ‐niḋ nó go gcóiṁlíontar gaċ éinniḋ. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)18 Óir amén adeirim liḃ, go raiḃ deireaḋ le neaṁ agus talaṁ, ní raċaiḋ aon litir ná aon ṁarc as an dliġe, go dtí go dtárluiġiḋ an t-iomlán. အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)18 Óir deirim liḃ go fírinneaċ, go dtí go dtéiḋ an spéir agus an talaṁ ar neaṁníḋ ná raġaiḋ aon ióta aṁáin ná aon ṗúnc aṁáin de’n dlíġ ar neaṁníḋ, go dtagaiḋ a h-iomláine ċun cinn. အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)18 Oir a deirim riḃ go firinneaċ, No go ndeaċaiḋ neaṁ agus talaṁ ṫort, ní raċaiḋ éan iota na áonṗunc don dliġeaḋ ṫort, nó go gcoiṁlíontar gaċ éin ní. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus nuair do‐ċonnaic na deisceabail é, ṫáinig iongnaḋ mór orṫa, agus aduḃradar, Cionnas d’ḟeoġ an crann fige ċóṁ luaṫ sin? Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Má ḃíonn creideaṁ agaiḃ, gan aṁras ḃeiṫ oraiḃ, do‐ġéanaiḋ siḃ, ní h‐é aṁáin a ndearnaḋ do’n ċrann fige, aċt má deir siḃ leis an sliaḃ so, Tógtar agus teilgṫear isteaċ sa ḃfairrge ṫú, déanfar é.