Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Bíoḋ áṫas oraiḃ agus lúṫġáir, mar is mór é ḃúr luaċ saoṫair ar neaṁ; óir ar an gcuma ċéadna is eaḋ do ciapaḋ na fáiḋe ṫáinig róṁaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Bíoḋ lúṫġáir agus áṫas oraiḃ, óir is ró-ṁór ḃur luaċ saoṫair ar neaṁ: óir is mar sin a ġéirlean siad na fáiḋe a ṫáinic róṁaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Bíoḋ móráil agus gáirdeaċas oraiḃ, mar is mór é ḃúr luaċt-saoṫair ins na flaṫais; óir sin mar a ciapaḋ na fáiḋe róṁaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Bioḋ gaírdeaċas, agus luáṫġáir óruiḃ: óir is mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: óir is mar sin do ġérleanadar na faiḋe ṫaínic roṁaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:12
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Óir tiocfaiḋ Mac an Duine i nglóir a Aṫar mar aon le n‐a aingliḃ; agus annsin ċúiteoċaiḋ sé gaċ aoinneaċ de réir a ġníoṁarṫa.


Agus nuair ḃíos siḃ i n‐ḃúr dtroscaḋ, ná biḋiḋ gruamḋa ar nós luċta an ḟuar‐ċráḃaiḋ: óir dorċuiġid‐sean a gceann‐aiġṫe ċum go ḃfeicfiḋ na daoine go ḃfuilid ’n‐a dtroscaḋ. Adeirim liḃ go fírinneaċ go ḃfuil a luaċ‐saoṫair fáġálta aca.


A Iarúsalem, a Iarúsalem, ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san a curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe dob’ áil liom do ċlann do ċruinniú le ċéile, mar ċruinnuiġeas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil leat é!


Déanaiḋ gáirdeaċas, an lá sin, agus léimneaċ: óir féaċ, is mór é ḃúr luaiġeaċt ar neaṁ: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáiḋiḃ.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Aċt timċeall uaire an ṁeaḋoin oiḋċe do ḃí Pól agus Sílas ag urnaiġe agus ag canaḋ iomann do Ḋia, agus na príosúnaiġ ag éisteaċt leo;


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Agus ṫairis sin, is aḋḃar mórtais dúinn ár gcaṫuiġṫe féin; agus a ḟios againn go dtugann caṫú foiġid;


Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair.


Óir, ár gcráḋ beag éadtrom, naċ maireann aċt tamall gearr, soláṫruiġeann sé ḋúinn carn glóire síorraiḋe atá gan ċuimse;


toisc go ḃfuil bronnta oraiḃ‐se, ar son Ċríost, ni h‐é aṁáin creideaṁain ann, aċt fulang ar a ṡon, leis:


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse.


do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


g‐á ṁeas gur mó dob’ ḟearr masla Ċríost mar ṡaiḋḃreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do ḃí sé ag súil leis an luaċ saoṫair.


daoine do ċlaoiḋ ríoġaċta tré ċreideaṁ, do rinne an ceart, fuair na geallaṁnaċa, do ḋún béal na leoṁan,


agus gan creideaṁ ní féidir taiṫneaṁ leis: óir an té ṫig ċum Dé, ní foláir dó a ċreideaṁain go ḃfuil sé ann, agus go dtugann sé luaċ a saoṫair do na daoiniḃ loirgeas é.


Ná measaiḋ aċt gur aḋḃar áṫais ar fad é, a ḃráiṫre,


Glacaiḋ mar ṡompla fulaing agus foiḋne, a ḃráiṫre, ná fáiḋe do laḃair i n‐ainm an Tiġearna.


aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ