Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 5:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair do‐ḃéarfar tarcuisne ḋaoiḃ, agus nuair ciapfar siḃ, agus nuair adéarfar gaċ aon ḟocal bréagaċ ’n‐ḃúr n‐aġaiḋ, ar mo ṡon‐sa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

11 Is beannuiġṫe siḃ-se nuair a ḃéarfar aċṁusán díḃ, agus ċuirfear géirleanaṁaint oraiḃ, agus déarfar gaċ olc i ḃur n-aġaiḋ go bréagaċ, mar ġeall orm-sa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Is aoiḃinn daoiḃ-se nuair a déanfar spídiú oraiḃ agus ciapaḋ, agus an uile ṡaġas tromaiḋeaċta éiṫiġ, mar ġeall orm-sa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Is beannuiġṫe ḃeiṫí, an tan imḋeargfuid dáoine siḃ, agus ḋibeoruid siḃ, agus a déuruid gaċ uile ḋroċḟocal riḃ go bréugaċ, ar mo ṡonsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 5:11
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus béarfaiḋ siad siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ‐sean agus do na Págánaċaiḃ.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se: aċt an té ḃéas buantseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Is leor do’n deisceabal ḃeiṫ mar a ṁúinteoir, agus do’n tsearḃónta ḃeiṫ mar a ṫiġearna. Má ṫugadar Belsibub ar ḟear an tiġe, naċ mó ’ná sin go mór do‐ḃéarfaid ar ṁuinntir a ṫeaġlaiġ é!


Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Annsin do‐ḃéarfaiḋ siad ċum géir‐leanaṁna siḃ, agus marḃóċaiḋ siad siḃ: agus béiḋ fuaṫ ag na ciniḋeaċaiḃ go léir daoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se.


Agus na daoine do ġaḃaḋ ṫairis ṫugadar masla ḋó, ag croṫaḋ a gceann,


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma: aċt as té ḃéas buan‐tseasṁaċ go deireaḋ, is é slánóċar.


Aċt taḃraiḋ‐se aire ḋaoiḃ féin: óir do‐ḃéarṫar siḃ i ḃfiaḋnaise na gcóṁairle; agus sciúrsálfar siḃ i sionagógaiḃ; agus seasfaiḋ siḃ i láṫair uaċtarán agus ríoġ ar mo ṡon‐sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ.


agus ní ḟuil fréaṁ aca ionnta féin, aċt seasann siad ar feaḋ tamaill; annsin, nuair éiriġeas trioblóid nó géir‐leanaṁain mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann siad scannal ar an láṫair.


Óir cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaiḋ sé é.


Aċt roiṁ ṫeaċt do na neiṫiḃ sin uile, do‐ġeobaid greim láiṁe oraiḃ, agus cráḋfaid siḃ, ’g‐ḃúr mbreiṫ i láṫair na sionagóg, agus ċum na bpríosún, ’g‐ḃúr dtarraing i láṫair ríoġ agus i láṫair uaċtarán ar son m’anma‐sa.


Agus béiḋ fuaṫ ag gaċ uile ḋuine ḋaoiḃ ar son m’anma.


Is aoiḃinn daoiḃ‐se nuair ṫiuḃras na daoine fuaṫ ḋaoiḃ, agus nuair ṡéanfas siad siḃ, agus ṫiuḃras siad tarcuisne ḋaoiḃ, agus ṁaslóċas siad ḃúr n‐ainm mar ḋroċ‐rud, ar son Ṁic an Duine.


Óir cibé duine gur maiṫ leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; aċt cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, is é sin ṡaorfas é.


Aċt do‐ġéanaid na neiṫe seo go léir ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ainm‐se, de ḃriġ naċ ḃfuil aiṫne aca ar an té do ċuir uaiḋ mé.


Agus do ṫarcuisniġeadar é, agus aduḃradar, Is deisceabal dó ṫusa, aċt is do Ṁaois is deisceabail sinne.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


Óir sinne atá beo bímíd de ṡíor d’ár gcur ċum báis ar son Íosa, ċum go raiḃ beaṫa Íosa go soiléir le feicsin ’n‐ár gcolainn so‐ṁarḃṫa, leis.


toisc go ḃfuil bronnta oraiḃ‐se, ar son Ċríost, ni h‐é aṁáin creideaṁain ann, aċt fulang ar a ṡon, leis:


Nuair do cáineaḋ é, ní ḋearna sé aṫċáineaḋ; nuair d’ḟulaing sé, ní ḋearna sé bagairt; aċt do ċuir sé é féin fá ċuṁdaċ an té do‐ḃeir breiṫeaṁnas ceart:


Má masluiġtear siḃ ar son ainme Críost is aoiḃinn daoiḃ, óir luiġeann Spiorad na glóire, Spiorad Dé, oraiḃ.


agus go ḃfuil foiġid agat agus gur ḟulaingis ar son m’ainme, agus nár éiriġis tuirseaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ