Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 3:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus d’ḟreagair Íosa é, agus aduḃairt sé leis, leig dó anois: óir is mar so is cuiḃe gaċ dliġe do ċóiṁlíonaḋ. Agus do ġéill sé ḋó an t‐am sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

15 Aċt d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt leis: Ceaduiġ é an uair seo: óir is mar seo is cuiḃe dúinn gaċ dá ḃfuil cóir a ċóiṁlíonaḋ. Annsin ġéill sé dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gaċ fíoraontaċt do ċóṁlíonaḋ. Ansan do ġéill sé ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Agus do ḟreagair Iósa é agus a duḃairt se ris. Léig ḋó a nóis: óir is mar so íomċuḃaiġ ḋúinn gaċ uile ċeart do ċoiṁlíonaḋ. Do ḟulaing sé ḋó an tansin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 3:15
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’iarr Eoin cosc do ċur leis, g‐á ráḋ, Is daṁ‐sa ba ċeart baisteaḋ d’ḟaġáil uait‐se, agus is ag teaċt ċugam‐sa atáir.


Agus do ḃíodar, beirt, fíréanta i ḃfiaḋnaise Dé, ag siuḃal gan loċt de réir gaċ aiṫne agus reaċta an Tiġearna.


Óir atá eisiompláir taḃarṫa agam daoiḃ, go ndéanfaḋ siḃ‐se fá mar tá déanta agam‐sa ḋaoiḃ.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ