Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 28:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus féaċ, do casaḋ Íosa orṫa, agus aduḃairt sé, Go mbeannuiġiḋ Dia ḋaoiḃ. Agus ṫángadar agus rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

9 Agus féaċ, casaḋ Íosa orṫa, agus duḃairt: Go mbeannuiġṫear díḃ. Agus ṫáinic siad, agus rug greim ar a ċosa, agus ṫug aḋraḋ dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus féaċ, do ḃuail Íosa úmpa, agus duḃairt sé: Slán daoiḃ. Agus do ṫánadar agus do rugadar ar ċosaiḃ air, agus d’aḋradar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus an tan do imṫiġeadar do ċum go ḃfoillséoċadis sin dá ḋeisciobluiḃsion, féuċ, tárla Iósa orrṫá, ag ráḋ, Día ḃur ḃeaṫaḋ ḋáoiḃ. Aċd tangadarsan, agus rugadar ar a ċosaiḃsion, agus do onóruiġeadar é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 28:9
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus na daoine do ḃí sa mbád, d’aḋradar é, g‐á ráḋ, Go fírinneaċ is tusa Mac Dé.


agus omós d’ḟáġáil i n‐áiteannaiḃ an ṁargaiḋ, agus an sluaġ ag taḃairt Rabbí orṫa.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Ná bíoḋ eagla oraiḃ: imṫiġiḋ agus abraiḋ lem’ ḃráiṫriḃ imṫeaċt do’n Ġalilé, agus do‐ċífiḋ siad annsin mé.


Agus nuair do‐ċonnacadar é, d’aḋradar é: aċt do ḃí aṁras ar ċuid aca.


Agus d’imṫiġeadar‐san go luaṫ ó’n tuama agus eagla agus an‐áṫas orṫa, agus do riṫeadar ċum an scéal d’innsin d’á ḋeisceablaiḃ.


Agus ṫáinig sé ċúiċi isteaċ, agus aduḃairt sé léi, Go mbeannuiġṫear duit‐se atá lán de ġrása, atá an Tiġearna id’ ḟoċair.


Agus d’aḋradar é, agus d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem lán d’áṫas:


agus ’n‐a seasaṁ ḋí taoḃ ṫiar de i n‐aice a ċos, do ṫionnscain sí ag fliuċaḋ a ċos le n‐a deoraiḃ, agus do ṫiormuiġ sí le gruaig a cinn iad, agus do ḃí sí ag pógaḋ a ċos, agus g‐á n‐ongaḋ leis an uinneimeint.


Agus do ṫóg Máire púnt d’uinnimint náird ġlain, an‐luaċṁair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do ṫriomuiġ sí a ċosa le n‐a gruaig; agus do líonaḋ an teaċ de ċuṁraċt na h‐uinniminte.


Agus le linn an tráṫnóna, an lá sin, an ċéad lá de’n tseaċtṁain, agus na dóirse dúnta san tiġ ’n‐a raiḃ na deisceabail cruinniġṫe, ar eagla na nIúdaċ, ṫáinig Íosa agus do ṡeas sé ’n‐a measc, agus aduḃairt sé leo, Síoṫċáin daoiḃ.


D’ḟreagair Tomás, agus aduḃairt sé leis, Mo Ṫiġearna agus mo Ḋia ṫú!


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Féaċ, do‐ḃeirim duit cuid de luċt sionagóige Sátain, adeir gur Iúdaiġ iad, aċt naċ eaḋ, aċt gur bréagaċ atáid; féaċ, cuirfead d’ḟiaċaiḃ orṫa teaċt agus sléaċtaḋ ag do ċosaiḃ, agus a aiṫint go dtugas‐sa gráḋ ḋuit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ