Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:64 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

64 Taḃair órdú, d’á ḃriġ sin, gárda do ċur ar an tuama go dtí an tríoṁaḋ lá, ar eagla go dtiocfaḋ a ḋeisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróċaidís leis na daoiniḃ, D’éiriġ sé ó na marḃaiḃ: agus ba ṁeasa an feall deireannaċ ’ná an ċéad ḟeall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

64 Ar an aḋḃar sin, órduiġ an tuamba a ġárdáil go dtí an tríoṁaḋ lá, ar eagla go dtigeaḋ a ḋeisciobail agus go ngoideaḋ siad leo é, agus go n-abraḋ siad leis na daoine: D’éiriġ sé ó na mairḃ; agus béiḋ an earráid ḋeireannaċ níos measa ná an ċéad ċeann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

64 Órduiġ-se, d’á ḃríġ sin, gárda ċur ar an uaiġ go dtí an tríṁaḋ lá: le h-eagla go dtiocfaḋ a ḋeisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eiriġ sé ós na mairḃ: agus beiḋ an feall deirineaċ níos measa ’ná an ċéad ḟeall.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

64 Ar a naḋḃarsin aiṫin coiṁéad do ċur ar an ttúama go ceann an treas lá, ar eagla go dtiucfaidis a ḋeisciobail annsa noiḋċe, agus go ngoidfidis é, agus gi naibéoradís ris an bpobal, Do éiriġ sé ó ṁarḃuiḃ: agus bíaiḋ an seaċrán ḋeiġeanaċ ni is measa ná an ċéud seaċrán.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:64
5 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin imṫiġeann sí, agus beireann sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téiġeann siad isteaċ, agus cóṁnuiġeann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireaḋ ’ná ar dtús. Agus is mar sin ḃéas an scéal ag an droċ‐ṡlioċt so.


A ṫiġearna, is cuiṁin linn go nduḃairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireoċad arís.


Aduḃairt Píoláid leo, Atá gárda agaiḃ: imṫiġiḋ, daingniġiḋ é mar is eol daoiḃ.


g‐á ráḋ, Abraiḋ‐se, Ṫáinig a ḋeisceabail fá scáṫ na h‐oiḋċe, agus do ġoideadar é, nuair do ḃío mairne ’n‐ár gcodlaḋ.


Óir ní ó ṁearḃall, ná ó neaṁ‐ġlaine, ná ó ċeilg ṫig ár spreagaḋ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ