Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

54 Agus nuair a ċonnaic an ceanntúir, agus an méid a ḃí leis ag coiṁéad Íosa, an craṫaḋ talaiṁ, agus na neiṫe a rinneaḋ, ġaḃ eagla iad, agus duḃairt: Go ḋeiṁin b’é seo Mac Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 An taoiseaċ céad, áṁṫaċ, agus an ḃuiḋean a ḃí ’n-a ṫeannta ag faire Íosa, nuair a ċonacadar an luasgaḋ talṁan agus na neiṫe do ṫuit amaċ, ṫáinig eagla ana-ṁór, orṫa agus duḃradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

54 Aċd ar ḃfaicsin an ċreaṫa talṁon, agus na neiṫeaḋ do éiriġ ann, don ċaptín agus dá raiḃ na ḟoċaír, ag coiṁéad Iósa, do ġaḃ eagla ṁór íad, ag ráḋ, Go fírinneaċ dob é so mac Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:54
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt d’ḟan Íosa ’n‐a ṫost. Agus aduḃairt an t‐árd‐ṡagairt leis, Iarraim ort, i n‐ainm Dé ḃí, a innsin dúinn an tú an Críost, mac Dé.


Agus do ċuireadar os a ċionn teideal a ċúise i scríḃinn,


agus g‐á ráḋ, Ṫusa leagas teampall Dé agus ṫógas é i gceann trí lá, saor ṫú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroiċ.


Cuireann sé a ṁuiniġin as Dia; saoraḋ Sé anois é, má’s áil leis é, óir aduḃairt sé, Is mé Mac Dé.


Agus féaċ, do réabaḋ brat an teampaill ’n‐a ḋá ċuid ó ḃárr go bun; agus do luasc an talaṁ; agus do scoilt na carraigeaċa;


Agus ṫáinig an t‐aiḋḃeirseoir, agus aduḃairt sé leis, Má’s tusa Mac Dé, órduiġ arán do ḋéanaṁ de na cloċaiḃ seo.


Agus tar a éis dó dul isteaċ i gCafarnaúm, ṫáinig ceanntúir ċuige,


Agus an ceanntúir do ḃí ’n‐a ṡeasaṁ os a ċóṁair ’n‐a aice, nuair do ċonnaic sé gur imṫiġ a anam as ar an gcuma sin, aduḃairt sé, Go fírinneaċ do b’é Mac Dé an fear so.


Agus aduḃairt seisean leo, Adeir siḃ é, gur mé.


D’ḟreagair na h‐Iúdaiġ, Atá dliġe againn, agus de réir na dliġe sin atá an bás tuillte aige, de ḃriġ go ndearna sé Mac Dé ḋe féin.


Do ḃí fear darḃ ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuiḋin Iodáiliġ, mar tugaḋ uirṫi, fear cráiḃṫeaċ,


Nuair ċualadar an méid sin, ṫáinig corruiġe croiḋe orṫa, agus aduḃradar le Peadar agus leis an gcuid eile de na h‐abstalaiḃ, A ḃráiṫreaċa, créad atá le déanaṁ againn?


Agus ṫug sé leis ar an láṫair saiġdiúirí agus ceanntúirí, agus do riṫ sé síos ċuca: agus nuair do ċonnacadar‐san an t‐árdċaiptín agus na saiġdiúirí, do scuireadar de ḃeiṫ ag bualaḋ Ṗóil.


Agus do ġlaoḋ Pól duine de na ceanntúiriḃ ċuige, agus aduḃairt sé, Beir leat an buaċaill seo ċum an árd‐ċaiptín: óir atá niḋ aige le n’innsin dó.


Agus do ġlaoḋ sé beirt ċeanntúir ċuige, agus aduḃairt sé, Ullṁuiġiḋ ḋá ċéad saiġdiúir agus deiċneaḃar agus trí fiċid marcaċ, agus ḋá ċéad fear sleaġa, ċum dul go Céasaria ar an treas uair de’n oiḋċe:


Annsin nuair do ṡocruiġeadar go raċaimís fá ṡeol go dtí an Iodáil, ṫugadar Pól agus roinn príosúnaċ eile do ċeanntúir darḃ ainm Iúlius, de ḃuiḋin Augustuis.


Aċt do ḃí a ḟonn ar an gceanntúir Pól do ṡáḃáil, agus ní leigfeaḋ sé ḋóiḃ é, agus d’órduiġ sé ḋóiḃ‐sean go raiḃ snáṁ aca a gcaiṫeaṁ amaċ ar dtús agus an tír do ḃaint amaċ:


do dearḃuiġeaḋ ḃeiṫ ’n‐a Ṁac do Ḋia le cuṁaċt do réir spioraid na naoṁṫaċta, tré aiséirġe ó na marḃaiḃ; Íosa Críost ár dTiġearna,


Agus an uair ċéadna sin do ḃí crioṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deiċeaṁaḋ cuid de’n ċaṫair ar lár, agus do marḃaḋ seaċt míle duine san gcrioṫ talṁan agus do scannruiġ an ċuid eile ḋíoḃ, agus ṫugadar glóir do Ḋia na ḃflaiṫeas.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ