Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 ḃíodar ag magaḋ faoi, g‐á ráḋ, Do ṡaor sé daoine eile; ní ḟuil ar ċumas dó é féin do ṡaoraḋ. Is é Rí Israel é; tigeaḋ sé anuas ó’n gcroiċ, agus creidfimíd ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

42 Ṡaor sé daoine eile; ní ṫig leis é féin a ṡaoraḋ. Má’s é Rí Israéil é, taraḋ sé anuas anois de’n ċrois, agus creidfimíd ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Do ṡáḃáil sé daoine eile; ní’l ar a ċumas é féin do ṡáḃáil. Má’sé Rí Israéil e, tagaḋ sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

42 Do ḟóir sé ar ḋáoiniḃ eile; agus ní heidir leis é féin dḟóiriġin. Más é Rí Israél, tigeaḋ sé a núas a nois as an gcroiċ, agus creidfiomáoidne ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:42
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus aduḃradar, Cá ḃfuil an rí seo na nIúdaċ atá beirṫe? óir do ċonnacamar a réalta sa doṁan ṫoir agus ṫángamar d’á aḋraḋ.


agus g‐á ráḋ, Ṫusa leagas teampall Dé agus ṫógas é i gceann trí lá, saor ṫú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroiċ.


Ar an gcuma ċéadna do ḃí uaċtaráin na sagart mar aon leis na scríoḃaiḋṫiḃ agus leis na seanóiriḃ,


Mar an gcéadna do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ag magaḋ faoi, agus iad ’g‐a ráḋ le n‐a ċéile, Do ṡaor sé daoine eile; ní ḟuil ar ċumas dó é féin do ṡaoraḋ.


Tigeaḋ an Críost, Rí Israel, anuas de’n ċroiċ anois go ḃfeicimís agus go gcreidimís. Agus na daoine do ḃí d’á gcéasaḋ i n‐éinḟeaċt leis, ṫugadar masla ḋó.


g‐á ráḋ, Is beannuiġṫe an Rí atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna: síoṫċáin ar neaṁ, agus glóir ins na flaiṫeasaiḃ is aoirde.


Agus do ḃí na daoine ’n‐a seasaṁ ag féaċain. Agus do ḃí na h‐uaċtaráin, leis, ag taḃairt tarcuisne ḋó, g‐á ráḋ, D’ḟuascail an té seo daoine eile; fuasclaḋ sé é féin, má’s é an Críost é, do ṫoġ Dia.


agus iad g‐á ráḋ, Má’s tú Rí na nIúdaċ, saor ṫú féin.


D’ḟreagair Natanaél agus aduḃairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


do ṫógadar géaga de na pailmiḃ, agus do ġluaiseadar amaċ ’n‐a airċis, agus do ġlaoḋadar amaċ, Hósanna: is beannuiġṫe an té atá ag teaċt i n‐ainm an Tiġearna, Rí Israel.


Agus má éisteann aoinneaċ lem’ ḃriaṫraiḃ, agus naċ dtugann aire ḋóiḃ, ní ṫugaim‐se breiṫ air: óir ní ċum breiṫ do ṫaḃairt ar an saoġal ṫánag, aċt ċum an tsaoġail do ṡlánú.


Atá sé d’aois, cuiriḋ an ċeist air féin. Annsin do ġlaoḋadar aṫuair ar an duine do ḃí ’n‐a ḋall, agus aduḃradar leis, Taḃair glóir do Ḋia: is eol dúinn gur peacaċ an fear úd.


Agus nuair ċonncadar an fear a leiġeasaḋ ’n‐a ṡeasaṁ ’n‐a n‐aice, ní raiḃ focal le ráḋ aca ’n‐a aġaiḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ