Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Agus ag dul amaċ ḋóiḃ fuaradar duine ó Ċuréné darḃ ainm Síomón: do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ airsean dul i n‐éinḟeaċt leo, agus an ċroċ d’iomċar dó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

32 Agus ar ḋul amaċ dóiḃ, fuair siad fear as an Ċuiréin, darḃ ainm Síomon; ṫug siad air-sean a ċros d’iomċar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus nuair a ċuadar amaċ fuaradar duine ó Ċíréné, dár ḃ’ainim Símón; agus ċuireadar ḟéaċaint ar an nduine sin dul leó agus a ċros d’iompur.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Agus ar ndul a maċ ḋóiḃ, fúaradar óglaċ ó Ṡírene, dar ḃaimn Símón: agus do ċuireadar dfíaċuiḃ air dul leis do ċum a ċroiċe diomċar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:32
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Agus cibé duine ċuirfeas d’ḟiaċaiḃ ort míle do ṡiuḃal, siuḃail ḋá ṁíle leis.


Agus do ḃí duine darḃ ainm Síomón Curénéaċ ag gaḃáil ṫairis, aṫair Alecsandair agus Rúfuis, ṫáinig isteaċ ó’n tuaiṫ, do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ air‐sean an ċroċ d’iomċur dó.


Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa.


Rugadar Íosa, d’á ḃriġ sin: agus d’imṫiġ sé amaċ, ag iomċar a ċroise ḋó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Ċloiginn, d’á ngoirṫear Golgotá i nEaḃrais:


Aċt do ḃí cuid aca, daoine as Cuprus agus as Curéné, agus, nuair ṫáinig siad go h‐Antuaiġ, do laḃair siad leis na Gréagaċaiḃ féin, ag innsint soiscéil an Tiġearna Íosa.


Agus san eaglais do ḃí i nAntuaiġ do ḃí fáiḋe agus teagascóirí, ar a raiḃ Barnabas, agus Símeon Duḃ, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Ċuréné, agus Manaén cóṁḋalta Ioruaiṫ tetrarċa, agus Saul.


i ḃFrigia agus i bPamfilia, san Éigipt agus i gcríocaiḃ Libia atá timċeall Ċiréné, agus coiṁiġṫiġ ó’n Róiṁ, idir Iúdaċaiḃ agus ṗrosélíteaċaiḃ,


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


agus do ruaigeadar as an gcaṫair amaċ é, agus do ġaḃadar de ċloċaiḃ air: agus do leag na fiaḋnaiḋṫe a mbrait ag cosaiḃ fir óig darḃ ainm Saul.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ