Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus nuair do ċonnaic Píoláid naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann, aċt go raiḃ gleo ag éirġe, do ġlac sé uisce ċuige, agus do niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an tsluaiġ, g‐á ráḋ, Ní ḟuilim‐se cionntaċ i ḃfuil an ḟíréin seo: féaċaiḋ‐se ċuige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

24 Aċt ar ḟeiceáil do Ṗioláit naċ raiḃ ag éirġe leis, aċt ina áit sin, go raiḃ gleo dá ṫógáil, ġlac sé uisce, agus niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an ṗobail, ag ráḋ: Tá mé neiṁ-ċionntaċ i ḃfuil an ḟir ċóir seo; oraiḃ féin a bíoḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Nuair a ċonaic Pílát ná raiḃ ag eiriġe leis, aċ gur toirmeasg a ḃí ag teaċt, fuair sé uisge, agus do niġ sé a láṁa os cóṁair na ndaoine, agus duḃairt sé: Táim-se saor ar ḟuil an ḟíoraoin seo; oraiḃ-se bíoḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus ar ḃfaicsin do Ṗióláid naċ raiḃ tarḃa ḋó an én ní, aċd gur mó an ḃuáirt ṫáinic ḋe, ar ngaḃáil uisge ċuige, do ionnail sé a láṁa a ḃfíaḋnuisi an ṗobail, ag ráḋ, A táimsi neiṁċiontaċ ó ḟuil an ḟiréanuiġ so: féuċuiḋsi ḋiḃ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:24
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃradar, Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireoċaḋ toirmeasc i measc an tsluaiġ.


Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air.


Aduḃairt seisean, Aċt cad é an t‐olc atá déanta aige? Aċt do liúġadar go h‐árd‐ġlóraċ, g‐á ráḋ, Céastar é.


Do‐rinneas peacaḋ, nuair do ḋíolas an ḟuil neaṁ‐ċionntaċ. Aċt aduḃradar‐san, Créad é sin dúinne? Féaċ féin ċuige.


Agus an ceanntúir, agus na daoine do ḃí ’n‐a ḟoċair ag faire ar Íosa, nuair do ċonnacadar an crioṫ talṁan agus gaċ a dtarla, ṫáinig eagla ṁór orṫa,


Annsin do cóiṁlíonaḋ a nduḃairt ieremias fáiḋ, Agus do ġlacas na deiċ bpíosaí fiċead airgid, luaċ an té do ḃí fá ṁeas, an té do ḃí fá ṁeas ag clainn Israel;


Aduḃairt Síomón Peadar leis, A Ṫiġearna, nár ab iad mo ċosa aṁáin aċt mo láṁa agus mo ċeann, ċóṁ maiṫ.


Agus do ċuaiḋ Píoláid amaċ arís, agus aduḃairt sé leo, Féaċ, atáim g‐á ṫaḃairt amaċ ċugaiḃ, ċum go dtuigfiḋ siḃ naċ ḃfaġaim coir ar biṫ ann.


Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ,


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ