Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 27:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus le linn ḃeiṫ ’n‐a ṡuiḋe ḋó i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, do ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’ḟulaingeas i mbrionglóid indiu mar ġeall air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus nuair a ḃi sé ina ṡuiḋe i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, ag ráḋ: Ná bíoḋ aon ḃaint agat leis an duine ċóir sin, óir d’ḟulaing mé cuid ṁór indiu i n-aisling mar ġeall air.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ’n-a ċaṫaoir ḃreiṫeaṁantais, agus ċuir a ḃean teaċtaireaċt ċuige, agus duḃairt sí: Ná ḃíoḋ aon ḃaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingṫe agam indiu mar ġeall air, tré aisling.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar suiḋe ḋósan an a ccaiṫír ḃreiṫeaṁnuis, do ċuir a ḃean teaċduireaċd ċuige, ag ráḋ, Ná bioḋ búain agad ris an ḃfiréun úd: óir is mór do ḟuiling misi a níuġ a mbrionglóid ar a ṡon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 27:19
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ag maċtnaṁ ḋó air, do taiḋḃriġeaḋ ḋó i n‐aisling aingeal an Tiġearna, aduḃairt, a Ṡeosaiṁ, a ṁic Ḋaiḃí, ná bíoḋ eagla ort do ċéile, Muire, ṫaḃairt ċun aoin‐tiġis leat; óir, an ġein atá gaḃṫa aice, is ó’n Spiorad Naoṁ í.


Agus nuair do cailleaḋ Ioruaṫ, féaċ, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ san Éigipt,


Aċt, nuair do‐ċuala sé go raiḃ Arċelaus ’n‐a riġ ar Iúdaea i n‐ionad a aṫar Ioruaṫ, do ḃí eagla air dul annsin; aċt ṫug Dia raḃaḋ ḋó i n‐aisling, agus do ċuaiḋ sé go críoċaiḃ na Galilé,


Óir do ḃí a ḟios aige gur le formad ṫugadar ar láiṁ é.


Agus nuair do ċonnaic Píoláid naċ raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann, aċt go raiḃ gleo ag éirġe, do ġlac sé uisce ċuige, agus do niġ sé a láṁa i ḃfiaḋnaise an tsluaiġ, g‐á ráḋ, Ní ḟuilim‐se cionntaċ i ḃfuil an ḟíréin seo: féaċaiḋ‐se ċuige.


Do‐rinneas peacaḋ, nuair do ḋíolas an ḟuil neaṁ‐ċionntaċ. Aċt aduḃradar‐san, Créad é sin dúinne? Féaċ féin ċuige.


Sinne, go deiṁin, san gceart; óir is ag díol as a ḃfuil déanta againn atáimíd: aċt ní ḋearna an fear so mí‐ġníoṁ ar biṫ.


Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so.


Ar n‐a ċlos sin do Ṗíoláid, ṫug sé Íosa amaċ, agus do ṡuiḋ sé síos san gcaṫaoir breiṫeaṁnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEaḃrais.


Agus, lá do ḃí ceapṫa ċuige, do ċuir Ioruaṫ a éide ríoġḋa air, agus do ṡuiḋ sé ar ċaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus ṫug sé óráid dóiḃ.


Aċt an tráṫ ’n‐a raiḃ Gallió ’n‐a ṗróconsúl i nAċáia, d’éiriġ na h‐Iúdaiġ de ṫoil a ċéile i gcoinniḃ Ṗóil, agus ṫugadar os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais é,


Agus do ċuir sé as caṫaoir an ḃreiṫeaṁnais amaċ iad.


Agus rugadar uile ar Ṡostenés, uaċtarán na sionagóige, agus do ḃuaileadar é os cóṁair caṫaoireaċ an ḃreiṫeaṁnais. Agus níor ċuir Gallió suim dá laiġead ins na neiṫiḃ sin.


Aċt d’ḟreagair Pól, Atáim im’ ṡeasaṁ os ċóṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Ċéasair, an áit ’n‐ar ċeart breiṫ do ṫaḃairt orm: ní ḟuil éagcóir ar biṫ déanta agam i n‐aġaiḋ na nIúdaċ, mar is eol duit féin go h‐an‐ṁaiṫ.


Uime sin, ar ḃeiṫ ḋóiḃ i gceann a ċéile annso, ní ḋearnas aon ṁoill, aċt an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋeas i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġeas an fear do ṫaḃairt i láṫair.


Agus tar a éis dó oċt nó deiċ lá d’ḟanaṁain ’n‐a measc, do ċuaiḋ sé síos go Céasaria; agus an lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ṡuiḋ sé i gcaṫaoir an ḃreiṫeaṁnais, agus d’órduiġ sé Pól do ṫaḃairt isteaċ.


Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ