Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 26:55 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 Aduḃairt Íosa an uair sin leis an sluaġ, An le claiḋṁtiḃ agus le bataiḃ ṫángaḃar amaċ ċum beirṫe orm mar ḃéaḋ biṫeaṁnaċ ann? Do ḃíos im’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasc, agus ní rugaḃar orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

55 San uair sin duḃairt Íosa leis na sluaiġte: Ṫáinic siḃ amaċ aṁail ċuig gadaiḋe le claiḋṁe agus bataí le breiṫ orm; ḃí mé mo ṡuiḋea gaċ lá i ḃur measc ag teagasc san teampall, agus ní rug siḃ orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

55 A duḃairt Iósa ris an tslúaġ a núairsin, Tangaḃair a maċ aṁuil ċum bioṫuṁnaiġ le cloiḋṁe agus lé batuiḋe dom ġlacaḋsa? do ḃínn am ṡuiḋe gaċ áon lá eadruiḃ sa teampoll ag teagasg, agus ní rugaḃair oram.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 26:55
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ṫáinig sé isteaċ sa teampall, ṫáinig uaċtaráin na sagart agus seanóirí an ṗobail ċuige, agus é ag teagasc, agus aduḃradar, Créad é an t‐uġdarás atá agat‐sa ċum na neiṫe seo do ḋéanaṁ? agus cia ṫug an t‐uġdarás sin duit?


Agus le linn dó ḃeiṫ ag laḃairt, féaċ, ṫáinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluaġ mór ’n‐a ċuideaċtain, agus claiḋṁte agus bataí aca, ṫáinig siad ó uaċtaránaiḃ na sagart agus ó ṡeanóiriḃ an ṗobail.


Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad.


Agus ag teagasc d’Íosa sa teampall, aduḃairt sé, Cionnas adeir na scríoḃaiḋṫe gur mac do Ḋáiḃi Críost?


Agus do ḃí sé ag teagasc gaċ lá sa teampall. Aċt do ḃí uaċtaráin na sagart, agus na scríoḃaiḋṫe, agus cinnirí an ṗobail ag iarraiḋ faille le n‐a ṁilleaḋ:


Agus ṫarla, lá aṁáin, agus é ag teagasc na ndaoine sa teampall, agus ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, go dtáinig ċuige uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe i n‐éinḟeaċt leis na seanóiriḃ;


Agus do ḋún sé an leaḃar, agus ṫug sé ar ais do’n ḟreastalaiḋe é, agus do ṡuiḋ sé síos: agus do ḃí súile a raiḃ sa teampall ag féaċain go géar air.


Aċt nuair ḃí a leaṫ de’n ḟéile ṫart, do ċuaiḋ Íosa suas go dtí an teampall, agus do‐rinne sé teagasc.


Annsin do ġlaoḋ Íosa ós árd, agus é ag teagasc sa teampall, g‐á ráḋ, Atá aiṫne agaiḃ orm‐sa, agus atá a ḟios agaiḃ cá h‐as dom; agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt an té do ċuir uaiḋ mé atá sé fíor, an té naċ ḃfuil aiṫne agaiḃ‐se air.


Agus ṫáinig sé isteaċ sa teampall arís go moċ ar maidin, agus ṫáinig na daoine go léir ċuige, agus do ṡuiḋ sé síos, agus do ḃí sé g á dteagasc.


Do laḃair Íosa na briaṫra sin i n‐áit an ċiste, agus é ag teagasc sa teampall: agus níor ċuir aon duine láṁ air, óir ní raiḃ a uair tagṫa fós.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ