Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 26:45 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

45 Annsin ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus aduḃairt sé leo, Codlaiḋ anois, agus déanaiḋ ḃúr suaiṁneas: féaċ, atá an uair druidṫe linn, agus atá Mac an Duine d’á ṫaḃairt i láṁaiḃ na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

45 Annsin tig sé ċuig a ḋeisciobail, agus deir sé leo: Cod-luiġigiḋ anois, agus déanaigiḋ ḃur scíste: féaċ, tá an uair druiḋte linn, agus ḃéarḟar Mac an Duine isteaċ i láṁa na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

45 Ansan ṫáinig sé ċun na ndeisgiobul, agus duḃairt leó: Deinid codlaḋ anois, agus glacaiḋ suaiṁneas: féaċ, tá an uair buailte linn agus taḃarfar Mac an Duine i láṁaiḃ na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

45 Ann sin tig sé ċum a ḋeisciobal, agus a deir sé ríu, Codluiḋ feasda, agus coṁnuiġiḋ: féuċ, do ḋruid a núair rinn, agus a tá Mac an duine agá ṫaḃairt a láṁaiḃ na bpeacaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 26:45
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé, Téiḋiḋ isteaċ sa gcaṫair ċum a leiṫéide seo de ḋuine, agus abraiḋ leis, Adeir an Máiġistir, Atá m’aimsir ag druidim liom; táim ag sollaṁnú na cásca id’ ṫiġ‐se i ḃfoċair mo ḋeisceabal.


Atá a ḟios agaiḃ go mbéiḋ an ċáisc ann tar éis dá lá, agus go dtaḃarfar Mac an Duine suas d’á ċéasaḋ.


Agus d’ḟág sé arís iad, agus do‐rinne sé guiḋe an treas uair, agus é ag aṫ‐ráḋ na ḃfocal céadna.


Éiriġiḋ, bímís ag gluaiseaċt: féaċ, an té ḃraiṫfeas mé, atá sé i ḃfogas dúinn.


Agus d’imṫig sé aċar gearr uaṫa, agus do ṫuit sé ar an talaṁ, agus do ġuiḋ sé go raċaḋ an uair ṫairis, dá mb’ ḟéidir é.


Nuair do ḃíos gaċ aon lá ’n‐ḃúr measc sa teampall, níor ṡíneaḃar láṁ im’ ċoinniḃ: aċt is liḃ‐se an uain seo, agus cuṁaċt an dorċadais.


Agus d’ḟreagair Íosa iad, g‐á ráḋ, Atá an uair tagṫa ċum glóir do ṫaḃairt do Ṁac an Duine.


Anois atá buaiḋirt anma orm; agus créad adéarfad? A Aṫair, fuascail mé ó’n uair seo. Aċt ċuige seo is eaḋ ṫáinig mé ċum na h‐uaire seo.


Agus roiṁ ḟéile na cásca, ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ a ṫráṫ tagṫa ċum imṫeaċt as an saoġal so ċum a Aṫar, ó ṫug sé gráḋ d’á ṁuinntir féin do ḃí sa tsaoġal, ṫug se gráḋ ḋóiḃ go deireaḋ.


Do laḃair Íosa an méid sin; annsin, ag árdú a ṡúl ċum neiṁe, aduḃairt sé, A Aṫair, atá an uair tagṫa; taḃair glóir dod’ Ṁac, ċum go dtiuḃraḋ an Mac glóir ḋuit‐se:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ