Maitiú 26:40 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)40 Agus ṫáinig sé ċum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodlaḋ iad, agus aduḃairt sé le Peadar, An aṁlaiḋ nár ḟéadaḃar faire uaire aṁáin do ḋéanaṁ mar aon liom? အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)40 Agus tig sé ċuig a ḋeisciobail, agus ġeiḃ sé ina gcodlaḋ iad, agus deir sé le Peadar: An aṁlaiḋ naċ dtiocḟaḋ leat ḟaire a ḋéanaṁ liom ar feaḋ aon uaire aṁáin? အခန်းကိုကြည့်ပါ။Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)40 Agus a ṫáinig sé ċun a ḋeisgiobul, agus fuair sé ’n-a gcodlaḋ iad, agus duḃairt sé le Peadar: An aṁlaiḋ nár ḟéadaḃair faire ḋéanaṁ aon uair a’ ċluig aṁáin liom? အခန်းကိုကြည့်ပါ။An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)40 Agus tig sé ċum a ḋeisciobal, agus do ġeiḃ sé na gcodlaḋ íad, agus a deir sé ré Peadar, An mar sin, nar ḃéidir liḃ faire do ḋéanaṁ áonuáir a ṁáin am ḟoċairsi? အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |