Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Maitiú 26:36 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Annsin ṫáinig Íosa mar aon leo go h‐áit ar a dtugtar Getsémané; agus aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Suiḋiḋ‐se annso, go dtéiġead‐sa annsúd anonn agus go ndéanad urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

36 Annsin ṫáinic Íosa leo go dtí an áit, dá ngoirtear Getsemani; agus duḃairt sé le n-a deisciobail: Suiḋigiḋ annseo, go dtéiġiḋ mise anonn annsiúd a ḋéanaṁ urnaiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Ansan do ṫáinig Íosa agus iad fein ċun an ḃaile ar a dtugtar Getsemaní; agus duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Suiḋiḋ-se anso go dtéiġead-sa ansúd anonn ċun úrnuiġṫe ḋéanaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

36 Do ċúaiḋ Iósa léo an traṫsin do nionad dá ngoirṫear Gétsémane, agus a deir sé ré na ḋeisciobluiḃ, Suiḋiġsi ann so, go ndeaċa misi do ḋéanaṁ urnuiġṫe ann súd a nunn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Maitiú 26:36
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


Aċt nuair ḃíos tusa ag déanaṁ urnaiġe, téir isteaċ id’ ṡeomra, agus dún an doras, agus cuir do ġuiḋe ċum t’Aṫar do‐ḟeicsiona, agus t’Aṫair do‐ċí a ḃḟuil fá ċeilt, cúiteoċaiḋ sé leat.


Is eisean, i laeṫiḃ a ḟeola, tar éis urnaiġṫe agus aṫċuingṫe d’ofráil, le h‐árd‐ġol agus le deoraiḃ ċum an té go raiḃ ar ċumas dó a ṡaoraḋ ó’n mbás, agus gur h‐éisteaḋ leis as uċt a naoṁ‐eagla,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ